Ráta níos airde Dleachta Stampála ar fháltais iomadúla do mhaoine cónaithe
Tugadh ráta níos airde Dleachta Stampála ar fháltais iomadúla do mhaoine cónaithe isteach i mí Bealtaine 2021. Rinneadh é sin faoi Alt 31E den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa 1999 (ACDS).
Is é 15% an ráta dleachta níos airde faoi láthair i gcás ionstraimí a fhorghníomhaítear ar an 2 Deireadh Fómhair 2024, nó dá éis. Bhí sé ag 10% roimhe sin idir mí Bealtaine 2021 agus mí Dheireadh Fómhair 2024.
Tá feidhm ag an ráta dleachta seo i gcás ina bhfaigheann duine 10 n-aonad cónaithe nó níos mó (gan árasáin a áireamh) in aon tréimhse 12 mhí.
Díolúntaí d'árasáin
Ní fheidhm ag an ráta níos airde i gcás ina bhfaightear aonad cónaithe i mbloc árasán. Faoi alt 31E ACDS is foirgneamh é bloc árasán ina bhfuil trí árasán nó níos mó a bhfuil bealach isteach nó pasáiste roinnte acu.
An chaoi a gcuirtear an muirear i bhfeidhm
Tá feidhm ag an ráta níos airde seo nuair a fhaigheann cuideachta nó duine aonair 10 n-aonad cónaithe nó níos mó laistigh de thréimhse leanúnach 12 mhí. Déantar fáltais de chuid daoine bainteacha (amhail cuideachtaí faoin rialú céanna) a chomhiomlánú chun a chinneadh an bhfuil an tairseach 10 n-aonad bainte amach.
Is fuinneog leanúnach í an tréimhse 12 mhí. I gcás gach maoin nua a fhaightear, féachann na Coimisinéirí Ioncaim siar ar an 12 mhí roimhe sin chun a fháil amach an bhfuil an tairseach 10 dteach bainte amach.
Féadtar an ráta níos airde a chur i bhfeidhm ar an dá cheann díobh seo a leanas:
- fáltais dhíreacha
- agus
- fáltais indíreacha.
Féadfar maoin chónaithe a fháil go hindíreach i gcás ina bhfaigheann duine:
- scaireanna, stoic nó urrúis indíolta i gcuideachta
- aonaid i gCistí Eastát Réadach Éireannacha (CERÉ)
- nó
- leasanna i gcomhpháirtíochtaí
a fhaigheann luach go díreach nó go hindíreach ó mhaoin chónaithe.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar Tax and Duty Manual Part 31E.
Tabhair do d'aire
Forálann alt 83DB SDCA 1999 d'aisíocaíocht pháirteach dleachta a íocadh ag ráta níos airde de 15% i gcuinsí áirithe. Féadtar tuilleadh eolais faoi Alt 83DB a fháil ag Aisíocaíocht Dleachta Stampála i leith aonad cónaithe áirithe (S83DB).
Sampla 1
Cheannaigh ABC Ltd 10 dteach, ar luach €500,000, thar thréimhse 12 mhí in 10 gceannach aonair. D'íoc siad Dleacht Stamp ag an ngnáthráta 1% ar na chéad 9 dteach, mar seo a leanas:
• €500,000 × 1% × 9 dteach = €45,000
Le ceannach an 10ú teach, cuirtear an ráta níos airde 15% i bhfeidhm. Tá feidhm aige seo maidir le luach iomlán an tí sin agus aon tithe a ceannaíodh laistigh den tréimhse 12 mhí sin, mar seo a leanas:
• €500,000 × 15% = €75,000
Ag an bpointe seo, cuirtear an ráta 15% i bhfeidhm go siarghabhálach freisin ar na chéad 9 dteach a ceannaíodh níos luaithe sa tréimhse 12 mhí chéanna. Dá réir sin, ní mór don chuideachta an difríocht idir an ráta 15% agus an ráta 1% a íocadh cheana ar na 9 dteach roimhe sin a íoc, mar seo a leanas:
• €500,000 × 15% × 9 dteach = €675,000
• €675,000 - €45,000 (Dleacht Stampa a íocadh cheana) = €630,000.
Sampla 2
I mí Lúnasa 2025, cheannaigh Aisling 6 theach agus d'íoc sí Dleachta Stamp ag na rátaí caighdeánacha (i.e. 1%, 2% or 6%). I mí Dheireadh Fómhair 2026, cheannaigh Aisling 8 dteach breise. Cé go bhfuil 14 teach ceannaithe ag Aisling san iomlán, beidh feidhm ag na gnáthrátaí freisin maidir le ceannach na 8 dteach. Ceannaíodh an 8 dteach níos mó ná 12 mhí tar éis na 6 theach roimhe sin a cheannach.
De mhalairt air sin, dá gceannódh Aisling na 8 dteach breise i mí Iúil 2026, bheadh an ráta airde de 15% i bhfeidhm ar na 14 teach ar fad. Is amhlaidh atá toisc gur ceannaíodh iad laistigh de thréimhse 12 mhí amháin.
Sampla 3
I mí Feabhra 2024, cheannaigh Margaret 5 theach agus íocann sí Dleacht Stamp ag na rátaí caighdeánacha (i.e. 1%, 2% or 6%). 3 mhí ina dhiaidh sin, cheannaigh Margaret 11 árasán, rud a chiallaíonn gur cheannaigh Margaret 16 mhaoin chónaithe san iomlán laistigh de thréimhse 12 mhí.
Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an ráta níos airde de 15% toisc nach bhfuil ach 5 cinn de na maoine cónaithe faoi réir an ráta níos airde. Tá árasáin eisiata ón ráta níos airde.
Sampla 4
Cheannaigh Alex scaireanna i gcuideachta lena n-áirítear cearta vótála agus an cumas cinntí a dhéanamh maidir le sócmhainní na cuideachta. Áirítear 20 teach ar sócmhainní na cuideachta. Ciallaíonn ceannach na scaireanna ag Alex go bhfuil athrú tagtha ar an duine atá i dteideal rialú a fheidhmiú ar thithe na cuideachta.
Dá bhrí sin, caitear leis mar dhuine atá ag fáil 20 aonad cónaithe go hindíreach. Cuirtear an ráta níos airde Dleacht Stampála de 15% i bhfeidhm ar luach na scaireanna inchurtha i leith na 20 teach.