Dleacht Stampa agus scaireanna, stoic agus urrúis indíolta

Léargas ginearálta

Ní mór Dleacht Stampa a íoc:

  • nuair a cheannaítear scaireanna, stoic nó urrúis indíolta (scaireanna) reatha
  • agus
  • nuair a bhíonn tionchar ag doiciméad (mar shampla, foirm aistrithe stoic) nó ordú aistrithe leictreonaigh, ar an aistriú.

Is éard is urrúis indíolta ann ná urrúis a fhéadtar a dhíol ar Stocmhargadh na hÉireann.

Ní mór Dleacht Stampa a íoc chomh maith i leith an mhéid seo:

  • scaireanna a fhaightear mar bhronntanas
  • roghanna chun scaireanna a cheannach nó a dhíol
  • aistrithe i gcás scair-roghanna reatha
  • agus
  • comhaontuithe chun leas tairbhiúil i scaireanna a cheannach.

Tá feidhm ag rialacha speisialta ar scaireanna a ndíorthaítear a luach nó an chuid is mó dá luach ó mhaoin dho-aistrithe. Tugtar míniú níos mionsonraithe ar na rialacha seo ar an leathanach ar Mhaoin áirithe a ndíorthaítear a luach ó mhaoin dho-aistrithe.

Tabhair do d’aire

Ní íoctar Dleacht Stampa i leith scaireanna nua a eisiúint.

Ar aghaidh: Scaireanna agus scair-roghanna