Bronntanais agus oidhreachtaí
Léargas ginearálta
Íoctar Dleacht Stampála ar maoin a fuarthas mar bhronntanas má tá an mhaoin:
- suite in Éirinn
- agus
- go bhfuil ionstraim (doiciméad i scríbhinn) forghníomhaithe (sínithe, séalaithe nó araon) chun é a aistriú chugat.
Má tá an mhaoin suite taobh amuigh d’Éirinn, féadfaidh sé go ngearrfar muirir Dleachta Stampála ort go fóill. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Cén uair a bhíonn ionstraim faoi réir Dleacht Stampála?.
Féadfaidh sé go bhfuil tú in ann éileamh a dhéanamh ardhíolúine nó ar fhaoiseamh.
Ní íoctar Dleacht Stampála ar mhaoin a fhaigheann tú mar oidhreacht ó uacht nó ó dhíthiomnacht.
Má fhaigheann tú níos mó ná do theidlíocht shonrach faoi uacht nó díthiomnacht, íocfaidh tú Dleacht Stampála ar méid ‘sa
bhreis'. Is éard is méid 'sa bhreis’ ann ná aon rud a fhaigheann tú sa bhreis ar do theidlíocht shonrach faoin uacht nó faoin díthiomnacht.
Ar aghaidh: Bronntanais