Bronntanais agus oidhreachtaí
Bronntanais
Céard is bronntanas ann?
Tagann bronntanas chun críocha Dleachta Stampa aníos má aistrítear maoin chugat agus:
- mura n-íocann tú comaoin as
- más lú suim na comaoine a íocann tú ná luach margaidh na maoine
- nó
- seachas i gcás léasa, má aistrítear chugat é toisc gur phós tú an t-úinéir.
An íoctar Dleacht Stampála ar bhronntanas?
Ní mór duit Dleacht Stampála a íoc sa chás:
- go bhfuil an mhaoin suite in Éirinn
- agus
- go bhfuil ionstraim (doiciméad i scríbhinn) forghníomhaithe (sínithe, séalaithe nó an dá rud) chun é a aistriú chugat.
Má tá an mhaoin suite taobh amuigh d’Éirinn, féadfaidh sé go ngearrfar muirir Dleachta Stampála ort go fóill. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Cén uair a bhíonn ionstraim faoi réir Dleacht Stampála?. Féadfaidh sé go bhfuil tú in ann díolúine nó faoiseamh a éileamh.
Ní íoctar Dleacht Stampála ar mhaoin a aistriú ó do chéile nó do pháirtnéir sibhialta.
Cé is gá an Dleacht Stampála a íoc?
Is daoine cuntasacha chun críocha Dleachta Stampála iad gach páirtithe don ionstraim, is é sin an tabharthóir agus an faighteoir. Mura n-íocann an faighteoir an Dleacht Stampála, féadfaidh sé go mbeidh an tabharthóir faoi dhliteanas ansin.
Bronntanais talún agus foirgneamh
Íoctar Dleacht Stampála ar luach margaidh na maoine ag an ráta Dleachta Stampála cuí.
- Sampla 1
Fuair Siubhán teach mar bhronntanas óna haintín. Is é luach margaidh an tí ná €125,000. Forghníomhaítear ionstraim chun an teach a aistriú chuig Siubhán.
Tá Dleacht Stampála iníoctha ar €125,000. Is é an ráta Dleachta Stampála an ráta atá infheidhmithe do mhaoin chónaithe a aistriú.
- Sampla 2
Cheannaigh Siubhán agus Peadar teach le chéile ar luach €250,000 i mí an Mheithimh 2017. Forghníomhaíodh ionstraim chun an teach a aistriú chuig an mbeirt acu i gcomhpháirt. D’íoc siad Dleacht Stampála ar €250,000 ag an ráta atá infheidhmithe do mhaoin chónaithe.
Ar an drochuair, tháinig deireadh lena gcaidreamh. D’aontaigh siad gur chóir an teach ina iomláine a aistriú chuig Siubhán.
Níl aon chomaoin á híoc ag Siubhán. D’fhorghníomhaigh Peadar ionstraim ar an 15 Deireadh Fómhair 2018 chun a sciar den teach a aistriú chuig Siubhán.
Is é luach margaidh an tí (iomláin) ag an am sin ná €280,000. Ós rud é gur le Siubhán leath den teach cheana féin, tá sí faoi dhliteanas Dleacht Stampála a íoc ar €140,000.
Féadfaidh sé gur thóg Siubhán agus Peadar morgáiste amach nuair a cheannaigh siad an teach. Tá rialacha sonracha i bhfeidhm má ghlacann Siubhán freagracht as an morgáiste a íoc.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach 'Dleacht Stampála agus Comaoin'.
- Sampla 3
Thug Tomás suíomh ar luach €50,000 dá mhac Seán mar bhronntanas in 2005. Ní fhorghníomhaítear aon ionstraim, áfach, chun an suíomh a aistriú chuig Seán.
Thóg Seán teach ar an suíomh ar a chostas féin. Ba é €160,000 an costas iomlán a bhain leis an teach a thógáil.
I mí an Mhárta 2019, thug Seán faoi deara nár aistríodh an suíomh chuige riamh. Forghníomhaíodh ionstraim ar an 10 Aibreán 2019 chun an teach a aistriú chuig Seán.
Is é €80,000 luach margaidh an tsuímh i mí Aibreáin 2019 (gan aird a thabhairt gur tógadh an teach ar an suíomh). Tá Dleacht Stampála inmhuirir ar €80,000 ag an ráta infheidhmithe Dleachta Stampála ar an 10 Aibreán 2019 i leith aistrithe de mhaoin neamhchónaithe.
Dá dtógfaí an teach go páirteach ar chostas Sheáin ag tráth an aistrithe, bheadh an toradh céanna air. Tá Dleacht Stampála inmhuirir ar €80,000 ag an ráta infheidhmithe Dleachta Stampála ar an 10 Aibreán 2019 i leith aistrithe de mhaoin neamhchónaithe.
- Sampla 4
Cheannaigh Seán suíomh ar luach €70,000 ó Shéamus in 2005. Níor forghníomhaíodh aon ionstraim chun an suíomh a aistriú chuig Seán.
Thóg Seán teach ar an suíomh ar a chostas féin. Ba é €280,000 an costas iomlán a bhain leis an teach a thógáil.
I mí na Samhna 2018, thug Seán faoi deara nár aistríodh an suíomh chuige riamh. Forghníomhaíodh ionstraim ar an 16 Nollaig 2018 chun an teach a aistriú chuig Seán.
Dá ndíolfaí an suíomh faoina luach in 2005, bheadh Dleacht Stampála inmhuirir ar luach margaidh an tsuímh i mí na Nollag 2018. Sa chás, áfach, gurb ionann €70,000 ach luach margaidh an tsuímh in 2005, bheadh Dleacht Stampála inmhuirir ar €70,000.
Sa dá chás, tá Dleacht Stampála inmhuirir ag an ráta infheidhmithe Dleachta Stampála ar an 16 Nollaig 2018 i leith aistrithe maoine neamhchónaithe.
- Sampla 5
Is le Máire feirm an teaghlaigh. Shocraigh sí an suíomh a aistriú chuici féin agus chuig a mac mar nascthionóntaí.
Forghníomhaíodh ionstraim. Is é luach margaidh na feirme (iomláine) ná €400,000.
Tá Dleacht Stampála inmhuirir ar €200,000 ós rud é gurb é sin luach an úis atá á aistriú ag Máire chuige a mac.
Bronntanais de scaireanna, stoic nó urrúis indíolta
Íoctar Dleacht Stampála ar luach margaidh na scaireanna, stoic nó urrúis indíolta (scaireanna) ag an ráta cuí Dleachta Stampála.
- Sampla 6
Tá 100 scair ag Siubhán in XYZ Teo. Thug sí mar bhronntanas iad do Laoise. Forghníomhaíodh foirm aistrithe stoic. Tá luach €5,000 ar na scaireanna.
Tá Dleacht Stampála inmhuirir ag an ráta infheidhmithe Dleachta Stampála i leith aistrithe scaireanna.
Maidir leis na scaireanna a bronnadh ort:
- má tá luach nach mó ná €1,000 orthu
- agus
- nach bhfuil an ionstraim mar chuid d’idirbheart níos mó, nó mar chuid de shraith idirbheart, ní íocfaidh tú Dleacht Stampála.
Baineann an díolúine seo le hionstraimí a forghníomhaíodh ar an 24 Nollaig 2008, nó dá éis.
Léasanna
Sa chás go gcaitear le léas mar bhronntanas, íocfaidh tú Dleacht Stampála ar an bpréimh bharúlach.
Is í an phréimh bharúlach an tsuim airgid a theastaíonn le cinntiú go n-íocann tú an luach margaidh iomlán don léas.
- Sampla 7
Thóg XYZ Teo bloc oifigí ar léas óna mháthairchuideachta, ABC Teo., ar feadh 3 bliana ar chostas cíosa bhliantúil €15,000. Níor íoc XYZ Teo. préimh. Is é €40,000 an cíos atá ar mhaoine den chineál céanna dá gcuirfí ar an margadh oscailte iad le ligean ar théarmaí dá leithéid (3 bliana, gan préimh a íoc).
Ní mór do XYZ Teo. Dleacht Stampála a íoc ar an meánchíos bliantúil €15,000 ((€15,000 x 3) ÷3).
Ní mór do XYZ Teo.Dleacht Stampála a íoc freisin ar phréimh bharúlach €75,000 (€40,000 - €15,000 = €25,000 x 3).
Polasaí árachais mar bhronntanas
Íoctar Dleacht Stampála ar an luach géilliúna comhlán de pholasaí árachais (saoil agus neamhshaoil) ag an ráta Dleachta Stampála cuí.
Ní íoctar Dleacht Stampála mura bhfuil luach géilliúna ag an bpolasaí.
Dleacht Stampála inmhuirir ar shuim níos airde
I gcúinsí gur aistríodh maoin mar bhronntanas, ach go bhfuil fiachas i gceist, tá Dleacht Stampála inmhuirir ar an tsuim níos airde.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Comaoin.
Ar aghaidh: Oidhreachtaí