Dleacht Stampa a íoc

Léargas ginearálta

Ionstraimí atá inmhuirearaithe

Ní mór tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh chun Dleacht Stampa a íoc. Íoctar an Dleacht Stampa mar chuid den phróiseas chun tuairisceán a thíolacadh.

Is gá duit tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh chomh maith chun díolúintí nó faoisimh áirithe ó Dhleacht Stampa a éileamh. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Díolúintí agus faoisimh Dleachta Stampa.

Tá Dleacht Stampa inmhuirearaithe ar ionstraimí lena n-aistrítear maoin chugat mar bhronntanas. Le haghaidh eolais ar na hionstraimí atá inmhuirearaithe, féach Cén uair a bhíonn ionstraim faoi réir Dleacht Stampa?.

Ionstraimí nach bhfuil inmhuirearaithe

Níl ort tuairisceán a thíolacadh le haghaidh ionstraime nach bhfuil inmhuirearaithe do Dhleacht Stampa. Níl Dleacht Stampa inmhuirearaithe ar ionstraimí lena n-aistrítear maoin:

  • ó iontaobhaí nó ó ainmní go dtí tairbhí
  • ón úinéir tairbhiúil go dtí iontaobhaí nó ainmní den úinéir tairbhiúil céanna
  • ó iontaobhaí nó ainmní amháin go dtí iontaobhaí nó ainmní eile nuair nach dtagann athrú ar an úinéir tairbhiúil.

Níl Dleacht Stampa inmhuirearaithe ar ionstraimí lena n-aistrítear maoin chugat faoi uacht nó dhíthiomnacht.

Botúin aimsithe in ionstraimí a cheartú

Tar éis don ionstraim a bheith forghníomhaithe, féadfaidh sé go n-aimseoidh tú botún ann. Mar shampla, féadfaidh sé go mbeidh earráid mhapála nó earráid chló ann. Féadfaidh sé nach ndéantar cur síos ceart san ionstraim ar an maoin a d’aontaigh na páirtithe a aistriú.

Féadfaidh sé go mbeadh gá le ionstraim eile (ar a dtugtar Gníomhas Ceartúcháin de gnnáth) a fhorghníomhú chun an botún a cheartú. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Clárúcháin Maoine má theastaíonn Gníomhas Ceartúcháin uait.

Níl Dleacht Stampa inmhuirearaithe ar Ghníomhais Cheartúcháin nach gceartaíonn ach botúin a rinneadh san ionstraim bhunaidh. I gcúinsí áirithe, áfach, éireoidh muirear aníos i leith Dleacht Stampa as ucht Gníomhas Ceartúcháin. Mar shampla, tá Dleacht Stampa inmhuirearaithe má mhéadaíonn an Gníomhas Ceartúcháin an chomaoin iníoctha faoin ionstraim bhunaidh. Sa chás seo, tá Dleacht Stampa inmhuirearaithe ar an méadú.

Féadfaidh sé tarlú go dtugtar Gníomhas Ceartúcháin ar ionstraim nuair is é atá ann i ndáiríre ná ionstraim lena n-aistrítear maoin. Más amhlaidh é, tá Dleacht Stampa inmhuirearaithe.

Ar aghaidh: Na sonraí a theastaíonn chun tuairisceán a thíolacadh