Dleacht Stampa a íoc

Deimhnithe Stampa

Admháil Dleachta Stampa agus deimhniú stampa

Nuair a dhéanann tú do thuairisceán a thíolacadh agus do dhliteanas Dleachta Stampa a íoc, eiseofar deimhniú stampa chuig do bhosca isteach ar Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Ba chóir duit an deimhniú stampa a phriontáil agus a chur leis an ionstraim (doiciméad i scríbhinn) mar cheangaltán. Is cruthúnas é an deimhniú stampa a bheith curtha leis an ionstraim mar cheangaltán go ndearnadh an ionstraim a stampáil. Tá an deimhniú stampála mar admháil duit freisin.

Má rinne tú an tuairisceán a thíolacadh ar son duine cuntasach, ba chóir duit cóip den deimhniú stampa a thabhairt don duine cuntasach dá dtaifid féin.

Deimhnithe stampa athsholáthair

Má thíolaic tú an tuairisceán bunaidh Dleachta Stampa trí ROS, féadfaidh tú an méid seo a dhéanamh leis an deimhniú stampa:

  • teacht ar an deimhniú
  • féachaint ar an deimhniú
  • agus
  • an deimhniú a phriontáil

tríd an áis chuardaigh agus aisghabhála ar ROS.

Féadtar an áis chuardaigh tríú páirtí ar ROS a úsáid chun féachaint ar chóip den deimhniú stampa sna cásanna seo:

  • má tá tú cláraithe le haghaidh ROS
  • agus
  • murar thíolaic tú an tuairisceán bunaidh Dleachta Stampa.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar na háiseanna cuardaigh seo, féach an rannán Seirbhísí ar Líne.

Má tá fadhb agat an deimhniú athsholáthair a phriontáil, féadtar scríobh chuig an Oifig Náisiúnta um an Dleacht Stampa agus iarratas a dhéanamh ar dheimhniú athsholáthair. I do litir ba chóir duit aon eolas faoin gcás a lua agus an chúis a bhfuil an t-iarratas á dhéanamh agat. Má tá tú ag gníomhú thar ceann duine cuntasach, ba chóir duit cóip dá n-údarú a chur san áireamh. Ón uair a bheidh na Coimisinéirí Ioncaim sásta gur fíor-iarratas atá ann, eiseoidh muid deimhniú stampa athsholáthair chugat.

Ionstraimí caillte

Má rinne na Coimisinéirí Ioncaim d’ionstraim a stampáil ar 30 Nollaig 2009 nó dá éis, ba chóir duit:

  • teacht ar an tuairisceán Dleachta Stampa ar ROS
  • agus
  • cóip a phriontáil den deimhniú bunaidh.

Féadtar é seo a cheangal leis an ionstraim athsholáthair ar an gcoinníoll go mbaineann an méid seo leis an ionstraim athsholáthair:

  • gur ionstraim idir na páirtithe céanna í
  • gur ionstraim chun na críche céanna í
  • agus
  • a bhfuil an dáta céanna i gceist leis an ionstraim

mar atá ar an ionstraim bhunaidh.

Má rinne na Coimisinéirí Ioncaim d’ionstraim bhunaidh a stampáil roimh 30 Nollaig 2009, ní mór duit tuairisceán páipéir Dleachta Stampa a chomhlánú. Féadtar an tuairisceán páipéir seo a iarraidh ón Oifig Náisiúnta um an Dleacht Stampa. Ba chóir go mbeadh an méid seo a leanas san áireamh i d’iarratas:

  • an chúis a dteastaíonn tuairisceán páipéir uait
  • Aitheantas Doiciméid na hionstraime bunaidh - féadtar teacht air seo ar do thuairisceán Dleachta Stampa
  • agus
  • cur síos ar an gcineál ionstraime atá i gceist.

Nuair a bheidh do thuairisceán páipéir comhlánaithe, ba chóir duit é a chur chuig an Oifig Náisiúnta um an Dleacht Stampa leis an méid seo a leanas:

  • dearbhú dlíthiúil ó dhuine a bhfuil na fíricí ar eolas aige nó aici, san áireamh:
  • an dáta a rinne na Coimisinéirí Ioncaim an ionstraim bhunaidh a stampáil
  • fianaise gur stampáladh é
  • fianaise gur chaill tú an ionstraim bhunaidh
  • cóip de litreacha nó ríomhphoist (más ann dóibh) a bhfuil Na Coimisinéirí Ioncaim stampáilte ar an ionstraim bhunaidh
  • cóip de litreacha nó ríomhphoist bunaidh (más ann dóibh) ón tseirbhís poist nó ón gcuideachta cúiréireachta a bhaineann leis an ionstraim chaillte
  • cóip (chun tosaigh agus ar chúl) den:
    • seic briste
    • dréacht bainc
    • den phá-ordú a úsáideadh chun an Dleacht Stampa a íoc ar an ionstraim bhunaidh má stampáladh é le stampaí buailte ag na Coimisinéirí Ioncaim roimh Mheán Fómhair 2000
  • agus
  • gealltanas go dtabharfaidh tú do na Coimisinéirí Ioncaim an ionstraim chaillte má thagann tú air.

Contrapháirteanna

Tá rogha sa tuairisceán Dleachta Stampa a thugann deis duit a chur in iúl go dteastaíonn deimhnithe stampa contrapháirte (dúblach) uait. Má theastaíonn, ba chóir duit an rogha a roghnú agus líon na gcontrapháirteanna a chur isteach. Is gá duit Dleacht Stampa €12.50 a íoc ar gach contrapháirt. Más lú an dleacht ar an ionstraim bhunaidh ná €12.50, íocfaidh tú an méid is lú den dá shuim le haghaidh gach contrapháirt.

Ar aghaidh: Céard a tharlaíonn má dhéanann tú tíolacadh agus íoc go déanach?