Dleacht Stampa a íoc

Cén chaoi leis an Dleacht Stampa a íoc?

Tíolaic an tuairisceán Dleachta Stampa. Íoctar an dleacht mar chuid den phróiseas chun tuairisceán a thíolacadh.

Má tá tú cláraithe chun Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid agus má tá Deimhniú Digiteach ROS agat, is ar ROS a dhéantar do thuairisceán a thíolacadh. Mura bhfuil tú cláraithe le haghaidh ROS cheana féin, féadfaidh tú clárú má íocann tú aon cheann de na cánacha seo a leanas:

  • Cáin Ioncaim (seachas ÍMAT)
  • Cáin Chorparáide
  • Cáin Gnóthachan Caipitiúil (CGC)
  • Cáin Bhreisluacha (CBL)
  • PREM (Cáin Fostóirí).

Le heolas a fháil ar an gcaoi le clárú le haghaidh ROS agus ar an gcaoi le Deimhniú Digiteach ROS a fháil, féach ar ROS.

Chun Dleacht Stampa a íoc, ní mór duit Dochair Díreach ROS a shocrú.

Féadfaidh sé gur custaiméir reatha ROS thú a úsáideann TDR chun cánacha agus dleachtanna eile a íoc. Is gá duit TDR ar leithligh a bhunú, áfach, le haghaidh Dleacht Stampa. Féadfaidh tú an cuntas bainc céanna a ainmniú don íocaíocht Dleachta Stampa mar atá ainmnithe agat le haghaidh na n-íocaíochtaí eile cánacha agus dleachtanna. 

Úsáidtear do TDR chun íocaíochtaí a údarú tríd an gcnaipe Sínigh & Tíolaic a chliceáil ar an Scáileán Íocaíochtaí den tuairisceán ar líne.

Nuair a bheidh do thuairisceán tíolactha agat agus an Dleacht Stampa íoctha agat, eiseoidh ROS deimhniú stampa chuig do bhosca isteach ROS. Priontáil é seo agus ceangail leis an ionstraim é. Nuair atá sé ceangailte, ciallaíonn sé go bhfuil an ionstraim stampáilte.

Gníomhaire nó comhairleoir a úsáid chun an tuairisceán a thíolacadh

Fostaíonn roinnt daoine cuntasacha duine eile, amhail dlíodóir, cuntasóir nó comhairleoir cánach chun an méid seo a dhéanamh:

  • an tuairisceán a thíolacadh
  • agus
  • an Dleacht Stampa a íoc

ar a son.

Is gá do dhlíodóirí, cuntasóirí agus gníomhairí nó comhaireoirí eile atá ag tíolacadh tuairisceáin thar ceann a gcliant 'Cuntas Cliant na Gnólachta' a ainmniú nuair atá TDR á bhunú acu. Tógfar na híocaíochtaí uile Dleachta Stampa ón gcuntas seo. Má ró-íocadh Dleacht Stampa, is chuig an gcuntas seo a dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na haisíocaíochtaí ar fad éilithe go bailí ag an tíolaiceoir.

Cabhair chun an tuairisceán a chomhlánú

Chun cabhair a fháil leis na réimsí éagsúla ar an tuairisceán ar líne a chomhlánú, ba chóir cliceáil ar an deilbhín Cabhair Foirme sa chúinne barr ar chlé de gach scáileán den tuairisceán. Ina theannta sin, ba chóir duit an treoir chabhrach ar thuairisceán a chomhlánú ar líne a léamh.

Uimhir Aitheantais Comhairleora Cánach (TAIN)

Ní fhéadtar teacht ar ROS chun tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh le TAIN. Sula ndéanann tú iarratas ar Dheimhniú Digiteach ROS, ba chóir duit fiafraí de Riarthóir ROS do ghnólachta an bhfuil Deimhniú Digiteach ROS ag an ngnólacht cheana féin. Féadfaidh sé go bhfuil Deimhniú Digiteach ROS ag do ghnólacht chun CBL na gnólachta a íoc, mar shampla. Más amhlaidh é, féadfaidh Riarthóir ROS do ghnólachta ligean duit tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh.

Teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir le do thuairisceán Dleachta Stampa

Tríd an gcóras ROS, tugtar Uimhir Aitheantais Doiciméad uathúil do gach tuairisceán Dleachta Stampa. Is uimhir naoi ndigit é seo a bhfuil litir ina diaidh. Féadtar an uimhir seo a fháil ar bharr an tuairisceáin. Ba chóir duit an uimhir seo a lua aon uair a dhéanann tú teagmháil leis na Coimisinéirí Ioncaim i leith do thuairisceáin Dleachta Stampa.

Ar aghaidh: Léiriú amhrais