Dleacht Stampa a íoc

Céard a tharlaíonn má dhéanann tú tíolacadh agus íoc go déanach?

Ba chóir duit do thuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh taobh istigh de 44 lá ón lá a dhéantar an ionstraim (doiciméad i scríbhinn) a fhorghníomhú (a shíniú, a shéalú, nó an dá rud). Mura ndéanann tú é seo, tabhóidh tú formhuirear tíolactha dhéanaigh. Tá an formhuirear tíolactha dhéanaigh leagtha amach sa tábla thíos:

Formhuirear tíolactha dhéanaigh
Tuairisceán Dleachta Stampa tíolacthaFormhuirear
Tar éis 44 lá ach taobh istigh de 92 lá de dháta forghníomhaithe na hionstraime 5% den tsuim Dleachta Stampa neamhíoctha. Tá teorainn €12,695 ar an bhformhuirear
Tar éis 92 lá de dháta forghníomhaithe na hionstraime 10% den tsuim Dleachta Stampa neamhíoctha. Tá teorainn €63,485 ar an bhformhuirear

Ba chóir duit do Dhleacht Stampa a íoc taobh istigh de 44 lá ón lá a dhéantar an ionstraim a fhorghníomhú. Mura n-íocann tú é, beidh tú faoi dhliteanas ús a íoc nuair a théann an dleacht neamhíoctha (lena n-áirítear aon fhormhuirear) os cionn €30. Íoctar ús ó dháta forghníomhaithe na hionstraime go dtí dáta íocaíochta na dleachta. 

Tá ráta úis ar íocaíocht dhéanach leagtha amach sa tábla thíos:        

Ráta úis ar íocaíocht dhéanach
TréimhseRáta úis
1 Iúil 2009 go dtí seo 0.0219% sa lá nó sa chuid den lá agus an dleacht neamhíoctha níos mó ná €30
1 Aibreán 2005 go 30 Meitheamh 2009 0.0273% sa lá nó sa chuid den lá
1 Meán Fómhair 2002 go 31 Márta 2005 0.0322% sa lá nó sa chuid den lá
27 Márta 1998 go 31 Lúnasa 2002 1% sa mhí nó sa chuid de
1 Nollaig 1996 go 26 Márta 1998 1.25% sa mhí nó sa chuid de
Roimh an 1 Nollaig 1996 rátaí éagsúla

Baineann an formhuirear tíolactha dhéanaigh le hionstraimí a fhorghníomhaítear ar an 7 Iúil 2012, nó dá éis. Má tá tuairisceán á thíolacadh agat d’ionstraim a forghníomhaíodh roimh an 7 Iúil 2012, féadfaidh sé go mbeidh tú faoi dhliteanas pionós ar íocaíocht dhéanach a íoc. An pionós ná 30% den dleacht. Ina theannta sin, do ionstraimí a fhorghníomhaítear roimh an 24 Nollaig 2008, beidh pionóis sheasta de €25 dlite ort.

Más mian leat an dliteanas Dleachta Stampa a oibriú amach le haghaidh ionstraim a forghníomhaíodh ar an 1 Eanáir 2002 nó dá éis, féadfaidh tú úsáid a bhaint as Áis Ullmhaithe Tuairisceáin. Ba chóir duit an t-eolas maidir leis an ionstraim a chur isteach sa tuairisceán Dleachta Stampa as líne. Nuair atá sé sin déanta, déanfaidh ROS As Líne suim na Dleachta Stampa dlite a ríomh. Déanfaidh sé aon muirir i leith tíolacthaí agus íocaíochtaí déanacha a ríomh chomh maith, a fhabhraítear go dtí an dáta a chuir tú an t-eolas isteach sa tuairisceán as líne.

Má dhéanann tú tíolacadh nó íoc go déanach, ní eiseoidh ROS an deimhniú stampa go dtí go mbeidh na muirir bhreise seo íoctha agat.

Ar aghaidh: An gá taifid a choinneáil?