Dleacht Stampa a íoc

An gá taifid a choinneáil?

Ba chóir duit taifid a choinneáil mar thacaíocht don tuairisceán a thíolaic tú, lena n-áirítear aon díolúintí nó faoisimh a d’éiligh tú. Ba chóir duit taifid a choinneáil ar feadh tréimhse sé bliana ón dáta:

  • a thíolaic tú do thuairisceán Dleachta Stampa
  • a d’íoc tú an Dleachta Stampa dlite

cibé acu is é an dáta is deireanaí.

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim iarraidh na taifid seo a fheiceáil.

Ar aghaidh: Achomhairc