Dleacht Stampa a íoc

Na sonraí a theastaíonn chun tuairisceán a thíolacadh

Teastóidh an méid seo:

  • Uimhreacha Tagartha Cánach na gcomhpháirtithe don ionstraim (doiciméad i scríbhinn)
  • an chomaoin nó i gcás bronntanais, an luach margaidh
  • sonraí na hionstraime, mar shampla:
    • an dáta forghníomhaithe (an síniú, an séalú nó an dá rud)
    • seoladh na maoine
    • na huimhreacha fóilió (má tá siad sa liosta ar an ionstraim)
  • Uimhir Aitheantas Maoine don Cháin Maoine Áitiúil (CMÁ) (más maoin chónaithe atá ann agus má fhorghníomhaítear an ionstraim ar an 1 Bealtaine 2013 nó dá éis)
  • cruthúnas ar theidlíocht i leith díolúine nó faoiseamh a bhfuil sé i gceist agat a éileamh ar an tuairisceán.

Céard é d’Uimhir Tagartha Cánach?

Más duine aonair thú, is é seo d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP). Mura bhfuil do UPSP cláraithe agat leis na Coimisinéirí Ioncaim chun críocha cánach, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Náisiúnta um an Dleacht Stampa. Déanfaidh muid é a ghníomhachtú le haghaidh na Dleachta Stampa.

Mura bhfuil UPSP agat, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS).

Má tá UPSP agat ach mura bhfuil tú in ann teacht uirthi, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le d’oifig leasa shóisialaigh. Chun teacht ar sheoladh nó ar uimhir theagmhála d’oifige, ba chóir duit féachaint ar shuíomh idirlín an RCS.

I gcásanna eile, féadtar úsáid a bhaint as an Uimhir Tagartha Canach a úsáidtear le haghaidh do chuid gnóthaí leis na Coimisinéirí Ioncaim.

I gcás comhlachtaí corpraithe eachtracha:

  • atá cláraithe le haghaidh cánach in Éirinn, ba chóir úsáid a bhaint as an Uimhir Tagartha Cánach chun tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh
  • nach bhfuil cláraithe le haghaidh cánach in Éirinn, féadtar teagmháil a dhéanamh leis an Oifig Náisiúnta um an Dleacht Stampa chun Uimhir Tagartha Cánach a fháil.  Ní fhéadtar an Uimhir Tagartha Cánach seo a úsáid ach amháin chun críocha Dleachta Stampa.

Uimhir Aitheantas Maoine CMÁ

Is ón díoltóir a fhaightear an Uimhir Aitheantas Maoine CMÁ.

Más maoin chónaithe nua atá ann, féadfaidh sé nach raibh sé cláraithe le haghaidh CMÁ. Ba chóir duit ceist a chur ar an díoltóir an raibh an mhaoin cláraithe, agus ar sannadh Uimhir Aitheantas Maoine CMÁ. Má sannadh uimhir, ní mór duit í a chur isteach sa tuairisceán.

Murar sannadh uimhir don mhaoin nua, ní mór duit seoladh na maoine a chur isteach sa tuairisceán. Cruthóidh an córas Uimhir Aitheantas Maoine CMÁ don seoladh sin. Beidh tú in ann an uimhir seo a fheiceáil ar an tuairisceán Dleachta Stampa tar éis duit é a thíolacadh. Chun an uimhir a fheiceáil, ba chóir duit filleadh ar an tuairisceán tíolactha.

Féadfaidh sé gur maoin athláimhe atá sa mhaoin chónaithe. Féadfaidh sé nach mbeadh Uimhir Aitheantas Maoine CMÁ ag maoin chónaithe athláimhe nach maoin chónaithe ábhartha do CMÁ í. Mar shampla, féadfaidh sé go bhfuil an teach tréigthe. É sin nó ós rud é gur maoin athláimhe anois í, níor maoin chónaithe ábhartha chun críocha CMÁ a bhí ann ar an 1 Bealtaine 2013.

Mura bhfuil uimhir sannta ag maoin chónaithe athláimhe, ba chóir duit fiafraí den díoltóir teagmháil a dhéanamh leis an mBrainse CMÁ. Ba chóir don díoltóir míniú a thabhairt don Bhrainse CMÁ nach bhfuil gá leis an uimhir chun an tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh. Déanfaidh an Brainse CMÁ athbhreithniú ar shonraí na maoine. Nuair atá an mhaoin cláraithe le haghaidh CMÁ ba chóir don díoltóir an Uimhir Aitheantas Maoine CMÁ a thabhairt duit. Ní mór duit an uimhir a chur isteach sa tuairisceán.

Ar aghaidh: Cén chaoi leis an Dleacht Stampa a íoc?