Dleacht Stampa a íoc

Achomhairc

Céard a fhéadtar achomharc a dhéanamh ina choinne?

Féadtar achomharc a dhéanamh i gcoinne:

  • measúnú Dleachta Stampa ó na Coimisinéirí Ioncaim
  • cinneadh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim léiriú amhrais a dhiúltú
  • cinneadh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim a bhaineann le luacháil talún
  • diúltú na gCoimisineirí Ioncaim chun tú a dhíolmhú ó thíolacadh leictreonach
  • cinneadh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim i leith éileamh ar aisíocaíocht.

Má tá tú ag déanamh achomhairc i gcoinne measúnú Dleachta Stampa, ní mór:

  • tuairisceán Dleachta Stampa a bheith tíolactha agat
  • agus
  • an tsuim Dleachta Stampa dhlite a bheith íoctha agat bunaithe ar an tuairisceán sin. 

Céard nach bhféadtar achomharc a dhéanamh ina choinne

Ní fhéadtar achomharc a dhéanamh sna cásanna seo:

  • achomharc i gcoinne na suime Dleachta Stampa a mheasann tusa a bheith dlite
  • cásanna ina dtagann tú féin (nó do ghníomhaire nó comhairleoir) agus na Coimisinéirí Ioncaim ar chomhaontú maidir leis an tsuim Dleachta Stampa dhlite sula dtionscnaíonn na Coimisinéirí Ioncaim measúnú
  • ús agus pionóis.

Cén chaoi lena ndéantar achomharc?

Seachas achomhairc i gcoinne luachála talún, ba chóir achomharc a dhéanamh go díreach leis an gCoimisiún um Achomhairc Chánach.

Má tá achomharc á dhéanamh agat i gcoinne luacháil talún, ba chóir duit notice of appeal form (foirm um fhógra achomhairc) a chur faoi bhráid:

An Coiste Tagartha Luachanna Talún
Oifig na Cúirte Uachtaraí
Na Ceithre Cúirteanna
Baile Átha Cliath 7

Maidir le hachomhairc i gcoinne measúnuithe nó cinntí, ba chóir duit:

  • d’achomharc a sheoladh taobh istigh de 30 lá ó mheasúnú nó ó chinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim
  • agus
  • na sonraí a chur san áireamh maidir le d’achomharc.

Féadtar achomharc a dhéanamh ag am ar bith i gcoinne dhiúltú na gCoimisinéirí Ioncaim thú a dhíolmhú ó thíolacadh leictreonach.