Dleacht Stampa a íoc

Léiriú amhrais

Níor chóir duit ach léiriú amhrais a thabhairt i do thuairisceán Dleachta Stampa más rud é:

  • go bhfuil amhras ort maidir leis an gcaoi ar cheart dlí na Dleachta Stampa a fheidhmiú
  • agus
  • go ndéantar an tuairisceán taobh istigh de 44 lá ón lá a dhéantar an ionstraim (doiciméad i scríbhinn) a fhorghníomhú (a shíniú, a shéalú, nó an dá rud).

Má thugann tú Léiriú Amhrais i do thuairisceán, ba chóir duit:

  • an tuairisceán a thíolacadh
  • an Dleacht Stampa a íoc a mheasann tú a bheith ceart bunaithe ar an tuairisceán sin
  • do litir um Léiriú Amhrais a chur faoi bhráid na hOifige um an Dleacht Stampa taobh istigh de 44 lá ón dáta a dhéanann tú an ionstraim a fhorghníomhú.

Ba chóir do do litir um Léiriú Amhrais:

  • sonraí iomlána a leagan amach faoi na fíricí agus na cúinsí a bhfuil tionchar acu ar dhliteanas na hionstraime don Dleacht Stampa
  • an dlí um an Dleacht Stampála a n-ardaítear amhras ina leith a leagan amach
  • an tAitheantas Doiciméid a lua (gheobhaidh tú é seo ar an tuairisceán Dleachta Stampa)
  • doiciméid bhainteacha tacaíochta a chur san áireamh
  • agus
  • aitheantas soiléir a thabhairt gur litir um ‘léiriú amhrais’ í.

Ní eiseoidh Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) deimhniú stampa nuair atá tic curtha isteach leis an mbosca Léiriú Amhrais. Nuair atá an “t-amhras” measta ag na Coimisinéirí Ioncaim agus gach rud in ord, scaoilfidh na Coimisinéirí Ioncaim an deimhniú stampa.

Diúltóidh na Coimisinéirí Ioncaim do do Léiriú Amhrais más rud é:

  • gur eisigh muid treoirlínte ginearálta maidir leis an gcaoi a bhfeidhmítear an dlí i gcásanna den chineál céanna
  • go measann na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil an t-ábhar saor a dhóthain ó amhras
  • go measann na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil an duine cuntasach ag déanamh iarrachta an Dleacht Stampa a sheachaint nó a imghabháil.

Mura n-aontaíonn tú le diúltú na gCoimisinéirí Ioncaim do do Léiriú Amhrais, féadtar achomharc a chur faoi bhráid an Choimisiúin um Achomhairc Chánach.

Tic curtha sa bhosca Léiriú Amhrais de dhearmad

Ní eiseoidh ROS deimhniú stampa nuair atá tic curtha sa bhosca Léiriú Amhrais. Má chuir tú tic sa bhosca de dhearmad, ba chóir duit an tuairisceán a leasú chun an tic sa bhosca a bhaint. Nuair atá sé sin déanta, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an Oifig Náisiúnta um an Dleacht Stampa agus fiafraí dínn an deimhniú stampa a scaoileadh.

Ar aghaidh: Deimhnithe Stampa