Díolúintí agus faoisimh

Léargas ginearálta

Tá roinnt ionstraimí (doiciméid i scríbhinn) díolmhaithe ó Dhleacht Stampa nó tá faoiseamh ag baint leo. 

Féach Treoir bhreise le haghaidh tuilleadh eolais . Ba chóir duit a chinntiú go bhfuil tú i dteideal díolúine nó faoisimh sula n-éilíonn tú é.

I bhformhór na gcásanna, éilítear an díolúine nó an faoiseamh nuair a thíolacann tú do thuairisceán Dleachta Stampa.

Ní theastaíonn tuairisceán i gcás roinnt díolúintí agus faoiseamh. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach Cén chaoi a ndéantar éileamh ar díolúine nó faoiseamh. 

Ba chóir duit taifid a choinneáil chun tacú le do theidlíocht i leith díolúine nó faoisimh.

Chun cáiliú, ní mór coinníollacha na díolúine nó an fhaoisimh a chomhlíonadh ag dáta forghníomhaithe (an síniú, an séalú nó an dá rud) na hionstraime. Féadtar faoiseamh a éileamh ar an méid seo a leanas, áfach:

  • Faoiseamh i leith Gaol Fola 
  • Faoiseamh d’Fheirmeoirí Óga Oilte
  • agus
  • Faoiseamh i leith talamh feirme a ligean ar léas

taobh istigh de cheithre bliana tar éis dháta feidhmithe na hionstraime. 

Iarrtar ort cloí le critéir incháilithe áirithe ar feadh roinnt blianta le haghaidh díolúintí nó faoisimh áirithe. Mura gcloíonn tú leo, beidh tú faoi dhliteanas aisghlámadh agus ús a íoc. De ghnáth, an t-aisghlámadh atá i gceist ná suim na Dleachta Stampa a bheadh​íoctha agat mura raibh an díolúine nó an faoiseamh éilithe agat.

Má éilíonn tú díolúine nó faoiseamh de thaisme, ní mór duit an tuairisceán a leasú agus an díolúine nó an faoiseamh a d'éiligh tú a bhaint. Ba chóir duit an Dleacht Stampa agus aon táillí tíolactha agus íocaíochta déanaí a íoc.

Faoisimh Dhíothaithe

Níl feidhm a thuilleadh ag na díolúintí agus na faoisimh a raibh baint acu le ceannach maoine nua cónaithe. Níl feidhm a thuilleadh ag na díolúintí agus na faoisimh a bhain le ceannaitheoirí céaduaire ná le ceannaitheoirí úinéir-áitithe maoin nua cónaithe a thuilleadh. Rinneadh na díolúintí agus na faoisimh deiridh den chineál seo  a dhíothú ar ionstraimí a fheidhmítear ar an 8 Nollaig 2010 nó dá éis. 


Ar aghaidh: Cén chaoi a dhéanann tú éileamh?