Díolúintí agus faoisimh

Cén chaoi a dhéanann tú éileamh?

Má tá tú i dteideal díolúine nó faoisimh, féadtar é a éilimh agus do thuairisceán Dleachta Stampa á thíolacadh agat. Le cabhair maidir leis na díolúintí agus faoisimh áirithe seo a éileamh, féach an Treoir bhreise.

I gcás cineálacha áirithe ionstraimí, ní gá duit tuairisceán a thíolacadh chun díolúintí nó faoisimh a éileamh.

Mar shampla, ní theastaíonn tuairisceán a thíolacadh le haghaidh ionstraim, más rud é:

  • go gcruthaíonn sé nascthionóntacht d’áit chónaithe an teaghlaigh idir céilí nó páirtnéirí sibhialta
  • go mbaineann sé le cumaisc cuideachtaí áirithe poiblí teoranta trasteorann agus Eorpacha
  • go n-aistríonn sé maoin chuig údaráis tithíochta nó chuig an nGníomhaireacht um Thithíocht agus Pobail Inbhuanaithe
  • go n-aistríonn sé maoin áirithe chuig an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS), nó uaidh.

Ina theannta sin, níl ort tuairisceán a thíolacadh le haghaidh ionstraim atá ina léas do mhaoin chónaithe (tithe agus árasáin):

  • ar feadh tréimhse 35 bliain nó níos giorra, nó ar feadh tréimhse éiginnte
  • agus
  • nuair atá an cíos bliantúil €50,000 nó níos lú

Tabhair do d’aire

Má forghníomhaíodh an léas (sínithe, séalaithe nó an dá rud) roimh an 17 Nollaig 2023, féach Alt 2.6 de Sceideal 1 TDM - Dleachtanna Stampa ar Ionstraimí.

Níl ort tuairisceán a thíolacadh le haghaidh ionstraim trína n-aistrítear scaireanna, stoic nó urrúis indíolta más rud é:

  • go bhfuil an chomaoin (nó an luach margaidh i gcás bronntanais) €1,000 nó níos lú
  • agus
  • nach bhfuil an ionstraim mar chuid d’idirbheart níos mó, nó mar chuid de shraith idirbheart.

Tabhair do d’aire

Baineann sé seo le hionstraimí a fhorghníomhaítear ar an 24 Nollaig 2008 nó dá éis.

Féadfaidh sé go bhfuil cásanna eile ann nach dteastaíonn uait Tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh chun éileamh a dhéanamh ar dhíolúine nó faoiseamh. Le haghaidh tuilleadh eolais orthu seo, féach Chapter 2 of the Stamp Duty File and Pay Manual.

Ar aghaidh: Faoisimh d'fheirmeoirí