Díolúintí agus faoisimh
Faoisimh d'fheirmeoirí
Faoiseamh i leith Gaol Fola
Ní bhaineann an faoiseamh seo ach le haistrithe talún. Chun an faoiseamh seo a éileamh, ní mór duit:
- a bheith gaolta leis an aistreoir
- agus
- a bheith i mbun feirmeoireachta ar an talamh ar feadh sé bliana ar a laghad nó an talamh a ligean ar léas ar feadh sé bliana ar a laghad do dhuine a dhéanfaidh feirmeoireacht air.
Má tá tú i mbun feirmeoireachta ar an talamh, ní mór:
- a bheith cláraithe do Cháin Ioncaim
- cáilíocht shonraithe a bheith agat nó ceann a fháil taobh istigh de thréimhse ceithre bliana ón dáta a fhaigheann tú an talamh
- nó
- ar a laghad 50% de do chuid ama a chaitheamh i mbun feirmeoireachta ar an talamh (an t-aistriú talún seo san áireamh).
Má ligeann tú an talamh ar léas do dhuine eile chun feirmeoireacht a dhéanamh, ní mór don duine sin:
- cáilíocht shonraithe a bheith aige nó aici nó ceann a fháil laistigh de cheithre bliana ón dáta a fuair tú an talamh
- nó
- ar a laghad 50% dá gcuid ama a chaitheamh i mbun feirmeoireachta ar an talamh (an t-aistriú talún seo san áireamh).
Faoiseamh d’Fheirmeoirí Óga Oilte
Chun an faoiseamh seo a éileamh, ní mór duit:
- a bheith faoi bhun 35 bliana d'aois ar an dáta a forghníomhaíodh an t-aistriú talún
- cáilíocht talmhaíochta ábhartha a bheith agat, nó cáilíocht a fháil laistigh de 3 bliana ón dáta a fhaightear an talamh (baineann tréimhse ama 4 bliana le haistrithe a rinneadh roimh an 15 Bealtaine 2023)
- plean gnó a bheith curtha faoi bhráid Teagasc agat
- a bheith cláraithe do Cháin Ioncaim
- agus
- a bheith i gceannas ar an ngabháltas feirme.
Freisin, ní mór go mbeadh sé i gceist agat:
- ar a laghad 50% de do ghnáth-am oibre a chaitheamh ag feirmeoireacht na talún aistrithe
- agus
- úinéireacht a choinneáil ar an talamh sin
ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad ó dháta an aistrithe.
Cúnamh Stáit de chuid an AE is ea an faoiseamh. Baineann srianta le méid an fhaoisimh a fhéadtar a éileamh. Baineann an díolúine seo le hionstraimí a fhorghníomhaítear ar an 1 Eanáir 2019 nó dá éis.
Tabhair faoi deara go bhfuil an tsaoráid éilimh aisíocaíochta d'Fheirmeoirí Óga Oilte (Alt 81AA SDCA 1999) ar fáil anois i ríomh-Aisíocaíochtaí. Tá Treoir agus Treoracha curtha san áireamh in Aguisín 3 do Alt 81AA - den Lámhleabhar Cánach agus Dleachta (TDM), Aistrithe talún chuig feirmeoirí óga oilte. Tá an TDM nuashonraithe seo ar fáil sa rannán Treoir Bhreise. Is féidir leanúint ar aghaidh ag éileamh faoisimh maidir le aistrithe talún chuig feirmeoirí óga oilte ag an am a dhéantar tuairisceán Dleachta Stampála a thíolacadh.
Faoiseamh i leith Comhdhlúthú Feirme
Chun an faoiseamh seo a éileamh, ní mór duit a bheith i d’fheirmeoir, is é sin duine aonair nach gcaitheann níos lú ná 50% de ghnáthama oibre i mbun feirmeoireachta.
Má tá tú ag ceannach mar chomh-úinéir, ní gá ach do dhuine agaibh a bheith in bhur bhfeirmeoir.
Ní mór duit:
- talamh a dhíol agus talamh eile a cheannach chun do ghabháltas a chomhdhlúthú laistigh de 24 mí
- agus
- deimhniú um chomhdhlúthú eisithe ag Teagasc a bheith agat.
Freisin, ní mór go mbeadh sé i gceist agat:
- úinéireacht na talún a choinneáil.
- agus
- an talamh a úsáid le haghaidh feirmeoireachta ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad ón dáta a éilíonn tú an faoiseamh.
Ní mór na hionstraimí a chuireann an díol agus an ceannach i bhfeidhm a fhorghníomhú ar an 1 Eanáir 2018 nó dá éis agus roimh an 31 Nollaig 2025.
Íocann tú Dleacht Stampála ar an difríocht idir an praghas a dhíol tú talamh air agus an praghas ar cheannaigh tú talamh eile air.
Faoiseamh i leith léasanna talún feirme
Chun an faoiseamh seo a éileamh, ní mór duit:
- cáilíocht shonraithe a bheith agat nó ceann a fháil taobh istigh de 4 bliana ó dháta an léasa
- nó
- ar a laghad 50% de do chuid ama a chaitheamh i mbun feirmeoireachta ar an talamh (an t-aistriú talún seo san áireamh).
Ní mór an léas:
- a fhorghníomhú ar an 1 Iúil 2018 nó dá éis
- agus
- a bheith le haghaidh tréimhse 6 bliana ar a laghad ach nach faide ná 35 bliain.
Cúnamh Stáit de chuid an AE is ea an faoiseamh. Cuireann sé seo teorainn ar shuim an fhaoisimh a fhéadtar a éileamh.
Le haghaidh tuilleadh eolais, féach an rannán Treoir bhreise.
Ar aghaidh: Aistrithe idir céilí agus idir páirtnéirí sibhialta