Dleacht Stampa agus maoin
Léargas ginearálta
Baineann an rannán seo le maoin a cheannach nó a aistriú, seachas scaireanna, stoic nó urrúis indíolta (scaireanna).
Íoctar Dleacht Stampa:
- nuair a cheannaíonn tú, nó nuair a fhaigheann tú maoin mar bhronntanas
- nó
- nuair a dhéanann tú maoin a mhalartú, a idir-roinnt, a scaoileadh nó a ghéilleadh
agus í suite in Éirinn.
Íoctar Dleacht Stampa i leith comhaontuithe i scríbhinn nó conarthaí chun maoin chónaithe suite in Éirinn a aistriú.
Féadann an méid seo a bheith i gceist leis an maoin:
- maoin chónaithe (tithe agus árasáin, mar shampla)
- maoin neamhchónaithe (amhail talamh, foirgnimh thráchtála, sócmhainní gnó (amhail cáilmheas) agus scaireanna)
- nó
- úsáid mheasctha (árasán os cionn siopa, mar shampla).
Folaíonn maoin leas i maoin, mar shampla, ceart chun píopaí uisce a leagan.
Tá feidhm ag rialacha speisialta ar mhaoin áirithe a ndíorthaítear a luach nó an chuid is mó dá luach ó mhaoin dho-aistrithe. Tugtar míniú ar na rialacha seo i Maoin áirithe a ndíorthaítear a luach ó mhaoin dho-aistrithe.
Má tá an mhaoin suite taobh amuigh d’Éirinn, féadfaidh sé go bhfuil muirear Dleachta Stampa i gceist go fóill. Le tuilleadh eolais a fháil, féach Cén uair atá ionstraim faoi réir Dleacht Stampa?.
Féadfaidh sé go bhfuil tú in ann éileamh a dhéanamh ar dhíolúine nó ar fhaoiseamh.
Féadfaidh sé go gcruthófaí fadhbanna ó thaobh cánacha eile, go háirithe Cáin Maoine Áitiúil, Cáin Gnóthachan Caipitiúil agus Cáin Fáltas Caipitiúil.
Ar aghaidh: Maoin chónaithe