Dleacht Stampála agus feirmeoireacht

Faoiseamh i leith Comhdhlúthú Feirme

Féadfaidh feidhm a bheith ag an bhfaoiseamh i leith Comhdhlúthú Feirme más rud é, laistigh de 24 mhí, go ndéantar gabháltas feirme a chomhdhlúthú trí thalamh cáilitheach a dhiúscairt agus trí thalamh cáilitheach eile a fháil. D'fhéadfaí an diúscairt nó an éadáil a dhéanamh trí dhíol, bronntanas nó malartú. Tá an bunús reachtach don fhaoiseamh seo le fáil in Alt 81C den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa, 1999.

Tá forbhreathnú ar Fhaoiseamh i leith Comhdhlúthú Feirme thíos. Le haghaidh tuilleadh sonraí, féach an Doiciméad treorach na gCoimisinéirí Ioncaim.

Coinníollacha cáilitheacha

Chun cáiliú don Fhaoiseamh i leith Comhdhlúthú Feirme, ní mór duit:

  • ar a laghad 50% de do ghnáth-am oibre a chaitheamh ag feirmeoireacht. Más comhúinéir thú, ní bhaineann an coinníoll seo ach le duine amháin de na comhúinéirí,
  • talamh cáilitheach a dhiúscairt agus talamh cáilitheach eile a fháil laistigh de 24 mhí
  • é a bheith ar intinn agat úinéireacht na talún a choinneáil ar feadh 5 bliana

agus

  • é a bheith ar intinn agat feirmeoireacht a dhéanamh ar an talamh ar feadh 5 bliana ar a laghad.

Ní féidir le cuideachta an faoiseamh a éileamh.

Ní mór na hidirbhearta a dhéanamh laistigh de thréimhse 24 mhí chun go mbeidh feidhm ag an bhfaoiseamh.

Talamh cáilitheach

Is iad seo a leanas na cineálacha maoine (nach mór a bheith lonnaithe sa Stát) ar féidir leo cáiliú don fhaoiseamh:

  • talamh talmhaíochta
  • talamh atá oiriúnach lena áitiú mar choillearnach ar bhonn tráchtála
  • foirgnimh feirme de chineál iomchuí don talamh ar a bhfuil siad suite.

Beidh an talamh sin ina thalamh cáilitheach má eisíonn Teagasc deimhniú um chomhdhlúthú i leith na talún.

Deimhniú um chomhdhlúthú

Ní mór do dhuine a bhfuil sé ar intinn aige an faoiseamh a éileamh iarratas a dhéanamh, ar dheimhniú um chomhdhlúthú ó Theagasc ar dtús, agus é a fháil uathu.

Sainaithnítear sa deimhniú seo na tailte a fuarthas agus diúscraíodh. Deimhníonn sé go bhfuil Teagasc sásta go gcomhlíonann éadáil agus diúscairt talún coinníollacha an chomhdhlúthaithe.

Tá treoirlínte foilsithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ar na coinníollacha maidir le comhdhlúthú feirme.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Doiciméad Treorach na gCoimisinéirí Ioncaim.

Faoiseamh a ríomh

Sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha don fhaoiseamh, gearrtar Dleacht Stampála:

  • ar bhreis luach na talún a fuarthas thar luach na talún a diúscraíodh
  • ag ráta laghdaithe 1%.

Gan an faoiseamh, bheadh Dleacht Stampála i bhfeidhm ag ráta 7.5% ar luach iomlán na talún a fuarthas.

An Faoiseamh a éileamh

Tá dhá chás ann ina bhféadfá a bheith incháilithe do Fhaoiseamh i leith Comhdhlúthú Feirme:

  1. Déanann tú talamh cáilitheach a dhiúscairt agus ansin faigheann tú talamh cáilitheach eile.
  2. Faigheann tú talamh cáilitheach agus ansin dhiúscair tú talamh cáilitheach.

 1.  Talamh cáilitheach a dhiúscairt ar dtús

Má dhiúscair tú talamh cáilitheach ar dtús, is féidir leat an faoiseamh a éileamh nuair a fhaigheann tú an talamh cáilitheach eile. Féadtar é seo a dhéanamh nuair a thíolacann tú an Tuairisceán Dleachta Stampála nuair a fhaigheann tú an talamh cáilitheach eile.

Íocfaidh tú an ráta laghdaithe Dleachta Stampála 1% ar an mbreis idir luach na talún a fuarthas thar luach na talún a diúscraíodh.

Sampla 1

Díolann Sorcha talamh ar €100,000 i Meán Fómhair 2024 agus, 6 mhí ina dhiaidh sin, i mí an Mhárta 2025, ceannaíonn sí níos mó talún níos gaire dá feirm reatha ar €120,000. Cáilíonn Sorcha d'Fhaoiseamh i leith Comhdhlúthú Feirme.

Gearrtar Dleacht Stampála ar an difríocht idir an praghas ceannaigh agus an praghas díola, is é sin, ar €20,000, ag ráta 1%. Gan an faoiseamh, ghearrfaí Dleachta Stampála ar an bpraghas ceannaigh €120,000 ag ráta 7.5%.

Má tá luach na talún a fhaigheann tú níos lú ná luach na talún a dhiúscraíonn tú, is é nialas an méid Dleachta Stampála a íocann tú.

Sampla 2 – sáraíonn luach na talún a díoladh luach na talún a ceannaíodh ina dhiaidh sin

Díolann Niamh, feirmeoir, talamh ar €150,000 i mí Dheireadh Fómhair 2024 agus, 8 mí ina dhiaidh sin, i mí an Mheithimh 2025, ceannaíonn  sí talamh eile ar €100,000.

Déanann Niamh iarratas, ar dheimhniú um chomhdhlúthú ó Theagasc agus faigheann sí é.

Ní bheidh ar Niamh aon Dleacht Stampála a íoc ar an gceannach don €100,000 toisc go raibh luach na talún cáilithí seo níos lú ná luach na talún cáilithí a dhíol sí.  

2. Talamh cáilitheach a fháil ar dtús

Má fhaigheann tú talamh cáilitheach sula ndéanann tú talamh cáilitheach a dhiúscairt, beidh ort méid iomlán na Dleachta Stampála atá dlite a íoc.

Nuair a dhiúscraíonn tú talamh cáilitheach, is féidir leat aisíocaíocht na Dleachta Stampála a d'íoc tú ar an éadáil níos luaithe a éileamh. Chun aisíocaíocht a éileamh sa chás seo, ní mór an Tuairisceán Dleachta Stampála a tíolacadh i leith an éadáil níos luaithe a leasú.

Sampla 3 – aisíocaíocht a éileamh ar cheannach talún

Ceannaíonn John, feirmeoir, talamh in aice lena fheirm ar €200,000 i mí Lúnasa 2024 agus íocann sé Dleacht Stampála €15,000 leis na Coimisinéirí Ioncaim (€200,000 @ 7.5%). 

Trí mhí ina dhiaidh sin, i mí na Samhna 2024, díolann sé píosa talún eile ar €150,000. Déanann John iarratas ar dheimhniú um chomhdhlúthú ó Theagasc agus faigheann sé é.

Toisc go gcosnaíonn an talamh cáilitheach a cheannaigh John níos mó ná an talamh cáilitheach a dhíol sé, tá John i dteideal Faoiseamh i leith Comhdhlúthú Feirme a éileamh ón Dleacht Stampála.  Ciallaíonn sé sin nach raibh le híoc ag John ach 1% ar bhreis luach na talún a ceannaíodh thar luach na talún a díoladh.

Is é 1% de €50,000 (€200,000 - €150,000) an Dleacht Stampála atá dlite do na Coimisinéirí Ioncaim, arb ionann é agus €500. Is féidir le John a Thuairisceán Dleachta Stampála (dar dáta Lúnasa 2024) a leasú agus aisíocaíocht €14,500 (€15,000 - €500) a éileamh.

Faoiseamh a aistarraingt

Tarraingeofar an faoiseamh siar mura gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha cáilitheacha.

Tarraingeofar siar an faoiseamh freisin má dhiúscair tú an talamh laistigh de 5 bliana tar éis an faoiseamh a éileamh. Ní dhéanfar an faoiseamh a tharraingt siar má dhéantar an talamh a dhiúscairt mar chuid d'Ordú Ceannaigh Éigeantaigh (CPO).

I gceachtar cás, ní mór méid iomlán na Dleachta Stampála a íoc, mar aon le haon ús agus pionóis.

Ar aghaidh: Talamh feirme a ligtear ar léas