Dleacht Stampála agus feirmeoireacht

Teidlíochtaí íocaíochta dírí CBT an AE

Níl Dleacht Stampa inmhuirearaithe ar aistriú teidlíochta íocaíochta dírí de chuid Chomhbheartas Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh (CBT AE). Tá an bunús reachtach don fhaoiseamh seo le fáil in Alt 101A den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa, 1999.

Má fhaigheann tú teidlíocht íocaíochta dírí CBT an AE agus maoin eile ag an am céanna, déantar an chomaoin a chionroinnt. Ní ghearrfar Dleacht Stampála ach amháin ar an gcomaoin is inchurtha i leith na maoine eile.

Ar aghaidh: Aistrithe áirithe Feirme Teaghlaigh