Dleacht Stampála agus feirmeoireacht

Talamh feirme a ligtear ar léas

Má ligeann tú talamh feirme ar léas, d'fhéadfá a bheith i dteideal faoiseamh ón Dleacht Stampála atá inmhuirearaithe ar an léas. Tá an bunús reachtach don fhaoiseamh seo le fáil in Alt 81D den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa, 1999.

Tá forléargas ar an bhfaoiseamh leagtha amach ar an leathanach seo. Chun eolas breise a fháil, féach Revenue guidance document.

Coinníollacha cáilitheacha (léas)

Tá an faoiseamh ar fáil i leith léasa:

  • atá le haghaidh téarma idir 6 agus 35 bliana
  • agus
  • le haghaidh talún a úsáidtear go heisiach do fheirmeoireacht a dhéanann an léasaí ar bhonn tráchtála d'fhonn brabúis a bhaint amach.

Coinníollacha cáilitheacha (léasaí)

D'fhéadfadh an léasaí a bheith ina dhuine aonair nó ina chuideachta.

Más duine aonair an léasaí, ní mór don duine aonair, ón dáta a fhorghníomhaítear an léas (sínithe, séalaithe nó an dá rud):

  • Cáilíocht feirmeora oilte nó cáilíocht talmhaíochta cheadaithe eile a bheith aige nó aici (féach Treoir na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh tuilleadh eolais)
  • cáilíocht den sórt sin a fháil laistigh de thréimhse 4 bliana ó dháta an léasa,
  • nó
  • 50% ar a laghad dá ngnáth-am oibre a chaitheamh ag feirmeoireacht talún, lena n-áirítear an talamh ar léas.

Más cuideachta an léasaí, ní mór duine aonair amháin ar a laghad a bheith ann, ón dáta a fhorghníomhaítear an léas:

  • a bhfuil 20% ar a laghad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta acu
  • gur stiúrthóir ar an gcuideachta é
  • a mbíonn páirt á ghlacadh acu i gcinntí airgeadais agus oibríochtúla na cuideachta
  • agus
  • go gcomhlíonann sé ar a laghad ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
    • tá cáilíocht feirmeora oilte nó cáilíocht talmhaíochta cheadaithe eile a bheith aige nó aici (féach Treoir na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh tuilleadh eolais)
    • go bhfaightear cáilíocht den sórt sin laistigh de thréimhse 4 bliana ó dháta an léasa,
    • go ndéantar 50% ar a laghad dá ngnáth-am oibre a chaitheamh ag feirmeoireacht talún, lena n-áirítear an talamh ar léas.

Ríomh an fhaoisimh

Sa chás go gcomhlíontar na coinníollacha cáilitheacha, ní bheidh aon Dleacht Stampála iníoctha ar an léas suas go dtí teorainn de €50,000.

Cuirtear an teorainn seo i bhfeidhm ar bhonn atrátha thar thréimhse 3 bliana, in aghaidh an fheirmeora, in aghaidh na feirme. Tá an teorainn seo i bhfeidhm chun cloí leis na rialacha maidir le Státchabhair.

Gan an faoiseamh, bheadh Dleacht Stampála iníoctha ag ráta 1% ar an meánchíos bliantúil. 

Faoiseamh a tharraingt siar

Tarraingeofar siar an faoiseamh más rud é, le linn na chéad 6 bliana den léas, go stoptar ag comhlíonadh aon cheann de na coinníollacha cáilitheacha.

Sa chás sin, ní mór duit méid iomlán na Dleachta Stampála iníoctha a íoc, mar aon le haon ús agus pionóis.

Ní dhéanfar an faoiseamh a tharraingt siar má theipeann ar an duine aonair na coinníollacha cáilitheacha a chomhlíonadh mar gheall ar bhás nó éagumas buan.

Ar aghaidh: Faoiseamh coillearnach tráchtála