Dleacht Stampála agus feirmeoireacht

Faoiseamh coillearnach tráchtála

Tá feidhm ag faoiseamh coillearnach tráchtála ó Dhleacht Stampála ar dhíol, bronntanas nó léas talún más rud é:

  • go bhfuil coillearnacha ag fás ar 75% ar a laghad den talamh
  • agus
  • go ndéantar na coillearnacha a bhainistiú ar bhonn tráchtála agus d'fhonn brabús a dhéanamh.

Tá bunús reachtach an fhaoisimh seo le fáil in Alt 95 den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa, 1999.

I gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo, ní ghearrfar Dleacht Stampála ar luach na gcrann atá ag fás ar an talamh. Nuair atá an faoiseamh á éileamh agat, ní mór duit an chomaoin a chionroinnt idir luach na gcrann agus luach na talún. Ní ghearrfar Dleacht Stampála ach ar luach na talún.

Sampla

Ceannaíonn Róisín píosa talún 100 acra ar €500,000. Tá Ochtó acra (80%) comhdhéanta de choillearnacha a bhainistítear ar bhonn tráchtála.  Is é €200,000 luach na talún. Comhlíontar an tairseach 75%.

Éilíonn Róisín faoiseamh coillearnach tráchtála ó Dhleacht Stampála arna ríomh mar seo a leanas:

Comaoin iomlán: €500,000
Luach na gcrann: €300,000
Méid inmhuirearaithe: €500,000 - €300,000 = €200,000
Dleacht Stampála inmhuirearaithe: €200,000 × 7.5% = €15,000

Is é €15,000 an Dleacht Stampála iomlán inmhuirir in áit €37,500.

Ar aghaidh: Teidlíochtaí íocaíochta dírí CBT an AE