Dleacht Stampála agus feirmeoireacht
Faoiseamh d'Fheirmeoirí Óga Oilte
D'fhéadfá a bheith incháilithe d'Fhaoiseamh d'Fheirmeoirí Óga Oilte má cheannaíonn tú talamh talmhaíochta nó má fhaigheann tú talamh talmhaíochta mar bhronntanas. Tá an bunús reachtach don fhaoiseamh seo le fáil in Alt 81AA den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa, 1999.
Is féidir tithe feirme agus foirgnimh ar an talamh a áireamh i dtalamh talmhaíochta má tá siad in oiriúint don talamh. Níl an faoiseamh ar fáil i leith coillearnach.
Tá forléargas ar Fhaoiseamh d'Fheirmeoirí Óga Oilte thíos. Le haghaidh tuilleadh sonraí, féach Doiciméad Treorach na gCoimisinéirí Ioncaim.
Coinníollacha cáilitheacha
Chun cáiliú:
- Ní mór duit a bheith faoi bhun 35 bliana d'aois.
- Ní mór duit cáilíocht feirmeora oilte nó cáilíocht talmhaíochta cheadaithe eile a bheith agat (féach Treoir na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh sonraí iomlána).
- Ní mór go mbeadh sé i gceist agat:
- úinéireacht na talún a choinneáil ar feadh 5 bliana
- agus
- feirmeoireacht a dhéanamh ar an talamh, ar bhonn brabúsach, ar feadh 50% ar a laghad de do ghnáth-am oibre ar feadh 5 bliana (mar fheirmeoir gníomhach).
- Ní mór plean gnó a bheith curtha isteach agat chuig Teagasc.
Chomh maith leis an méid thuas, tá an faoiseamh teoranta do mhicreafhiontair, agus d'fhiontair bheaga.
Ní mór na coinníollacha sin a chomhlíonadh ar dháta forghníomhaithe (sínithe, séalaithe nó an dá rud) an ghníomhais ag aistriú na talún talmhaíochta.
Ní mór an gníomhas atá ag aistriú na talún a fhorghníomhú (sínithe, séalaithe nó an dá rud) faoin 31 Nollaig 2029.
Ríomh an fhaoisimh
Má cháilíonn tú don fhaoiseamh, ní bheidh ort aon Dleacht Stampála a íoc suas go dtí teorainn saoil.
Is é €100,000 an teorainn saoil faoi láthair, agus cuirtear san áireamh méid iomlán an fhaoisimh a dheonaítear duit faoin méid seo a leanas:
Sampla
Ceannaíonn Sorcha feirm déiríochta ar €3 mhilliún. Cáilíonn sí don Fhaoiseamh d'Fheirmeoirí Óga Oilte. Níor éiligh Sorcha an faoiseamh roimhe seo. Chomh maith leis sin, níor éiligh sí aon fhaoiseamh stoic ná an creidmheas cánach do chomhpháirtíochtaí feirme comharbais. Dá réir sin, is é uasmhéid an fhaoisimh a fhéadann Sorcha a éileamh ná €100,000.
Ní mór do Shorcha Dleacht Stampála de €125,000 a íoc. Gan an faoiseamh, is é méid na Dleachta Stampála a bheadh dlite ná €225,000 (7.5% de €3 mhilliún).
Cáilíocht talmhaíochta cheadaithe a fuarthas ar dháta níos déanaí
Mura bhfuil cáilíocht talmhaíochta cheadaithe agat ar dháta forghníomhaithe an ghníomhais, ní cháilíonn tú don fhaoiseamh. Má fhaigheann tú cáilíocht den sórt sin laistigh de 3 bliana, áfach, d'fhéadfá a bheith i dteideal aisíocaíochta Dleachta Stampála a éileamh. Féach Treoir na gCoimisinéirí Ioncaim chun tuilleadh sonraí a fháil faoin gcaoi le aisíocaíocht a éileamh.
Feirmeoireacht trí chuideachta
D'fhéadfá an stádas feirmeora gníomhach a chomhlíonadh más rud é:
- go ligean tú an talamh le cuideachta a bhfuil baint ghníomhach agat léi
- agus
- go ndéanann tú feirmeoireacht ar an talamh tríd an gcuideachta.
Comhúinéireacht
Féadtar cáiliú don fhaoiseamh má aistrítear an talamh chuig comhúinéireacht agus:
- feirmeoirí óga oilte iad na comhúinéirí go léir
- nó
- feirmeoir óg oilte is ea duine amháin de na comhúinéirí agus is céile nó páirtnéir sibhialta an comhúinéir eile.
Faoiseamh i leith gaoil fola
D'fhéadfá a bheith i dteideal Faoiseamh i leith Gaoil Fola agus Faoiseamh d'Fheirmeoirí Óga Oilte a éileamh ar an idirbheart céanna.
Faoiseamh a aistarraingt
Má d'éiligh tú Faoiseamh d'Fheirmeoirí Óga Oilte, beidh ort é a aisíoc más rud é:
- go ndéanann tú an talamh a dhiúscairt laistigh de 5 bliana agus nach bhfaigheann tú talamh eile le cur ina áit
- nó
- ní dhéanann tú feirmeoireacht ghníomhach ar an talamh ar feadh 5 bliana.
D'fhéadfadh ús a bheith iníoctha freisin.
Ní bheidh ort an faoiseamh a aisíoc más rud é:
- go ndéanann tú do leas sa talamh a dhiúscairt le comhúinéir
- nó
- go ndéanann tú nascthionóntacht a chruthú le do chéile nó do pháirtnéir sibhialta.
Ar aghaidh: Faoiseamh i leith Gaoil Fola