Dleacht Stampála agus feirmeoireacht

Faoiseamh i leith Gaoil Fola

Foráiltear le Faoiseamh i leith gaoil fola do ráta laghdaithe Dleachta Stampála 1% a bheith i bhfeidhm ar cheannach nó ar bhronntanas talún idir daoine muinteartha. Tá an bunús reachtach don fhaoiseamh seo leagtha amach i Sceideal 1 den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa, 1999.

Féadtar an faoiseamh a chur i bhfeidhm ar fhoirgnimh feirme ar thalamh, ach níl feidhm aige maidir le maoin chónaithe amhail teach feirme.

Tá fórléargas ar Fhaoiseamh i leith Gaoil Fola thíos. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach Doiciméad treorach na gCoimisinéirí Ioncaim.

Coinníollacha cáilitheacha

Ní mór duit an leas thairbhiúil iomlán sa talamh a fháil ó dhuine muinteartha. Tá liosta de na daoine muinteartha cáilitheacha i nDoiciméad treorach na gCoimisinéirí Ioncaim. Áirítear leis na samplaí tuismitheoir, seantuismitheoir nó leanbh. Ní mór gaol a bheith idir gach páirtí san idirbheart.

Ní mór duit:

  • feirmeoireacht a dhéanamh ar an talamh ar mhaithe le brabús ar feadh sé bliana ar a laghad
  • nó
  • an talamh a ligean ar léas le duine a dhéanann feirmeoireacht air ar mhaithe le brabús ar feadh sé bliana ar a laghad.

Ní mór don duine a dhéanann feirmeoireacht ar an talamh (tusa, nó an duine a fuair an talamh ar léas uait):

  • Cáilaíocht feirmeora oilte nó cáilíocht talmhaíochta cheadaithe eile a bheith aige nó aici (féach treoir na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh sonraí iomlána)
  • cáilíocht den sórt sin a fháil laistigh de 4 bliana ón dáta a aistrítear an talamh
  • nó
  • ar a laghad 50% dá ngnáth-am oibre a chaitheamh ag feirmeoireacht na talún aistrithe.

Ní mór an gníomhas lena n-aistrítear an talamh a fhórghníomhú (a shíniú, a shéalú nó an dá rud) faoin 31 Nollaig 2029.

Ní féidir le cuideachta an faoiseamh a éileamh.

Gnáth-am oibre

Is iondúil gur 40 uair an chloig sa tseachtain an gnáth-am oibre. I gcás ina bhfuil an gnáth-am oibre níos lú ná 40 uair an chloig, beidh feidhm ag 50% maidir leis na huaireanta iarbhír a oibrítear.

Féadtar an coinníoll maidir le ham oibre a chomhlíonadh má dhéanann an duine a éilíonn an faoiseamh feirmeoireacht ar an talamh trí chuideachta. Ní mór don duine aonair a bheith ina stiúrthóir ar an gcuideachta agus scairsheilbh 20% ar a laghad a bheith aige nó aici sa chuideachta.

Sampla 1

Aistríonn Ann talamh chuig a mac agus chuig bean chéile a mic. Níl faoiseamh i leith Gaoil Fola ar fáil don mhac ná don iníon chéile. Is amhlaidh atá toisc nach bhfuil gaol ag an iníon chéile le Ann, agus ní mór gaol a bheith idir na páirtithe uile san aistriú chun cáiliú don fhaoiseamh.

Sampla 2

Aistríonn John talamh chuig a neacht, Amy. Ligeann Amy an talamh ar léas dá cuideachta, Lima Ltd. Is scairshealbhóir 80% agus stiúrthóir de chuid Lima Ltd í Amy. Caitheann Amy níos mó ná 50% dá gnáth-am oibre ag feirmeoireacht na talún mar fhostaí de chuid Lima Ltd. Beidh Amy i dteideal Faoiseamh i leith Gaoil Fola a éileamh ar an aistriú.

Faoiseamh a aistarraingt

Aistarraingeofar Faoiseamh i leith Gaoil Fola mura gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha cáilitheacha.

I gcás den sórt sin, ní mór méid iomlán na Dleachta Stampála a íoc, mar aon le hús agus pionós, más infheidhme.

Ar aghaidh: Faoiseamh i leith Comhdhlúthú Feirme