Dleacht Stampála agus feirmeoireacht

Aistrithe áirithe Feirme Teaghlaigh

Féadfaidh faoiseamh ó Dhleacht Stampála a bheith ar fáil ar aistriú talún feirme ó leanbh chuig tuismitheoir. Ní mór don aistriú tarlú mar chuid de shocrú a cháilíonn le haghaidh Faoisimh ó Cháin Ghnóthachan Caipitiúil (CGC) ar dhiúscairt gnó nó feirme.

Faoin socrú sin, aistríonn an tuismitheoir talamh feirme chuig an leanbh agus mar mhalairt (go hiomlán nó go páirteach) aistríonn an leanbh talamh feirme chuig an tuismitheoir. Is é an bunús reachtach don fhaoiseamh seo ná Alt 83 den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa, 1999.

Sampla

Tá Joe, 58 bliain d'aois, ag feirmeoireacht a chuid talún le 40 bliain. Aistríonn sé a ghabháltas feirme chuig a iníon, Amy, mar mhalartú ar phíosa talún feirme níos lú áta aici.

Cáilíonn Joe d'Fhaoiseamh CGC ar dhiúscairt gnó nó feirme ar an aistriú chuig Amy. Cáilíonn an aistriú na talún feirme ó Amy go Joe le haghaidh faoisimh ó Dhleacht Stampála ar aistrithe feirme teaghlaigh áirithe. Féadfaidh aistriú talún feirme ó Joe do Amy cáiliú freisin d'Fhaoiseamh d'Fheirmeoirí Óga Oilte.