Dleacht Stampála agus feirmeoireacht

Léargas ginearálta

Tugtar forléargas sa rannán seo ar na faoisimh ó Dhleacht Stampála atá ar fáil maidir le feirmeoireacht. Tugtar achoimre go háirithe, ar fhaoisimh ón Dleacht Stampála a ghearrtar ar aistriú talún feirme (a ghearrtar de ghnáth ag 7.5%).

Faoiseamh ó Dhleachta Stampála a éileamh

Éilítear gach faoiseamh ó Dhleachta Stampála ar bhonn féinmheasúnaithe. Ciallaíonn se seo nach mór duit cinneadh a dhéanamh an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann tú na coinníollacha cáilitheacha sula n-éilíonn tú faoiseamh. Féadann do ghníomhaire nó d'ionadaí faoiseamh a éileamh ar do shon agus do Thuairisceán Dleachta Stampála á thíolacadh ar Sheirbhís ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS).

Doiciméid tacaíochta

Ní mór duit doiciméid tacaíochta a choinneáil ar feadh 6 bliana ón lá a thíolactar do Thuairisceán Dleachta Stampála. 

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na doiciméid seo a iarraidh chun críocha seiceála comhlíontachta. Breithneoidh na Coimisinéirí Ioncaim an fhaisnéis ábhartha go léir, lena n-áirítear taifid feirmeoireachta, agus cinneadh á dhéanamh acu ar éilíodh an faoiseamh i gceart.

Ar aghaidh: Faoiseamh d'Fheirmeoirí Óga Oilte