Céard is Dleacht Stampála ann?

Cé is gá an Dleacht Stampa a íoc?

Is é an duine cuntasach a íocann an Dleacht Stampa. I mórán cásanna, is é an duine cuntasach an duine a fhaigheann an mhaoin.

Má aistrítear an mhaoin, mar shampla, mar bhronntanas, áfach, tá gach páirtí don ionstraim (doiciméad i scríbhinn) ina dhuine cuntasach.

Má fuair an duine cuntasach bás, is é ionadaí pearsanta an duine sin a éiríonn de bheith ina dhuine cuntasach.

Má tá níos mó ná duine cuntasach amháin i gceist, tá siad uile i gcomhpháirt agus go leithleach faoi dhliteanas an Dleacht Stampa a íoc.

Is iad seo a leanas na daoine cuntasacha i leith na gcineálacha éagsúla aistrithe maoine:

An duine cuntasach i leith na gcineálacha éagsúla aistrithe maoine
Cineál an aistritheAn duine cuntasach
Maoin, i gcoitinne Ceannaitheoir nó aistrí na maoine (an duine a fhaigheann an mhaoin)
Léas An leansaí (an tionónta)
Ionstraimí eile (más bronntanas é an mhaoin atá á haistriú nó á léasú, mar shampla) Na páirtithe don ionstraim

Ar aghaidh: Céard is Dleacht Stampála ann?