Dleacht Stampa agus léasanna

Léargas ginearálta

Léasanna talún agus foirgnimh

Íoctar Dleacht Stampa ar léas talún atá suite in Éirinn. Folaíonn talamh talamh talmhaíochta agus foirgnimh ar an talamh. Folaíonn foirgnimh foirgnimh tráchtála chomh maith le foirgnimh chónaithe. Íoctar Dleacht Stampa chomh maith ar léasanna a bhfuil baint ar bith acu le talamh, amhail cearta slí.

Nuair a cheannaítear árasán, is de bhun léasa a cheannaítear é. Íoctar Dleacht Stampa ar an léas. Tá Dleacht Stampa inmhuirir is cuma faoi thréimhse an léasa.

Má tá an talamh suite taobh amuigh d’Éirinn, féadfaidh sé go ngearrfar muirir Dleachta Stampa ort go fóill.

Le tuilleadh eolais a fháil, féach Cén uair atá ionstraim faoi réir Dleachta Stampa.

Ní íoctar Dleacht Stampa ar léasanna maoine nuair nach talamh í an mhaoin nó nuair nach mbaineann an mhaoin le talamh.

Bronntanais

Caitear leis an léas mar bhronntanas má íocann tú níos lú ná an luach margaidh ina leith. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach Dleacht Stampa agus Bronntanais agus Oidhreachtaí

Díolúintí agus faoisimh

Féadfaidh sé go bhfuil tú in ann díolúine nó faoiseamh a éileamh. Mar shampla, féadfaidh sé go mbeidh tú in ann an díolúine a éileamh le haghaidh léasanna ar thithe agus árasáin chónaitheacha. 

An tÚdarás Rialála Seirbhísí Maoine (ÚRSM)

Tá dualgas dlíthiúil ar thionóntaí léasanna tráchtála a chlárú leis an ÚRSM.  Ní mór duit an léas a chlárú taobh istigh de 30 lá ón deimhniú stampa a fháil.  Chun an léas tráchtála a chlárú leis an ÚRSM, féach ar www.psr.ie.

Ar aghaidh: Tithe agus árasáin chónaitheacha