Dleacht Stampa agus léasanna

Tithe agus árasáin chónaitheacha

Tá léas ar mhaoin chónaithe (tithe agus árasáin) díolmhaithe ó Dhleacht Stampa más rud é:

  • gur le haghaidh tréimhse 35 bliain nó níos lú é an léas, nó le haghaidh tréimhse éiginnte
  • agus
  • go bhfuil an cíos bliantúil €50,000 nó níos lú.

Tabhair do d’aire

Má forghníomhaíodh an léas (sínithe, séalaithe nó an dá rud) roimh an 17 Nollaig 2023, féach Alt 2.6 den TDM ( Schedule 1 - Stamp Duties on Instruments) le haghaidh na dtairseach roimhe seo.

Ní gá duit tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh nuair atá an díolúine seo i bhfeidhm.

Sampla

D’aontaigh Máire le hárasán a ligean ar léas le Seán ar feadh 12 mhí ar cíos €3,500 in aghaidh na míosa.

Is é €42,000 an cíos bliantúil.

Mar gheall go bhfuil suim an chíosa a íocfaidh Seán i rith na bliana faoi €50,000, tá an léas díolmhaithe ó Dhleacht Stampa.

Níl ar Sheán tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh.

Limistéir choiteanna i mbloic árasán a tógadh le déanaí

Ní mór do na húinéirí talún limistéir choiteanna a aistriú chuig Cuideachta Bainistíochta Úinéirí (CBÚ). Folaíonn limistéir choiteanna hallaí iontrála, staighrí, na cinn staighre, bóithre iontrála, cosáin agus na limistéir ghairdín. Tá sé seo leagtha amach in Alt 3(1)(b) den Acht um Fhorbairtí Ilaonad, 2011. Ní mór d’úinéir na talún na limistéir choiteanna a aistriú sula ndíoltar aon árasán nua.

Nuair a aistríonn úinéir na talún na limistéir choiteanna chuig an CBÚ, coinníonn sé nó sí an leas tairbhiúil. Ligeann sé seo don CBÚ a bheith cláraithe mar úinéir dlíthiúil na limistéar coiteann. Is leis an CBÚ, áfach, na limistéir choiteanna chun sochair úinéir na talún. Tagann sé seo le hAlt 3(7) den Acht um Fhorbairtí Ilaonad.

Níl dleacht stampa inmhuirir ar an aistriú chuig an CBÚ mar gheall go bhfanann an leas tairbhiúil i seilbh úinéir na talún. Níl ort tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh. Is é seo an cás fiú más le haghaidh comaoine atá an ionstraim atá ag aistriú na limistéar coiteann chuig an CBÚ.

Faoi Alt 11 den Acht um Fhorbairtí Ilaonad, foráiltear go n-aistrítear an leas tairbhiúil sna limistéir choiteanna chuig an CBÚ ar chríochnú na forbraíochta. Ní mór d’úinéir na talún dearbhú reachtúil a dhéanamh chun é seo a dheimhniú. Níl Dleacht Stampa inmhuirir ar an dearbhú reachtúil. Níl ort tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh.

Léas ar éasúintí

I gcás árasán a cheannach, is iondúil go ndeonaíonn an léas cearta slí chun rochtain a fháil ar na limistéir choiteanna. De rogha air sin, féadfaidh sé go bhfuil ionstraim (doiciméad scríofa) ar leithligh ann, ar a dtugtar Léasa ar Éasúintí de ghnáth, a dheonaíonn cearta den chineál céanna.

Tar éis an Dleacht Stampa a bheith íoctha ar an léas, níl sé inmhuirir ar leithligh ar na cearta slí.  Is é seo an cás bíodh sé gur deonaíodh na cearta sin:

  • sa léas
  • sa Léas ar Éasúintí.

Níl ort tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh.

Ar aghaidh: Comhaontuithe, sannacháin agus géilltí