Dleacht Stampa agus léasanna

An difríocht idir léas agus ceadúnas

Tá Dleacht Stampa inmhuirir ar léasanna.

Níl Dleacht Stampa inmhuirir ar cheadúnais scríofa ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm le hAlt 31B den Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa, 1999.

Faoi Alt 31B, tá Dleacht Stampa inmhuirir ar chomhaontuithe ceadúnais a bhaineann le talamh in Éirinn lena mbaineann an méid seo:

  • cead tugtha don cheadúnaí forbraíocht a dhéanamh ar an talamh
  • 25% nó níos mó de luach margaidh na talún íoctha ag an gceadúnaí leis an gceadúnóir 
  • agus
  • an íocaíocht a bheith seachas le haghaidh an talamh a cheannach.

Féadfaidh sé a bheith deacair idirdhealú a dhéanamh idir léas agus ceadúnas. Féadtar ceadúnas a thabhairt ar ionstraim (doiciméad scríofa) ach féadfaidh sé go mbeidh tréithe léasa inti. Más amhlaidh an cás, tá an ionstraim inmhuirir mar léas.

Is minice a chlúdaíonn comhaontuithe ceadúnais na cearta seo a leanas:

  • carr a pháirceáil ar feadh tréimhse shocraithe ag amanna áirithe
  • seastán díolacháin a oibriú i siopa nó i margadh
  • dul isteach sa talamh chun ábhar a bhaint, gairbhéal mar shampla
  • dul isteach sa talamh chun rud a chur ann agus a chothabháil, cláir fógraíochta, mar shampla
  • dul isteach sa talamh chun ithirshuirbhéanna a dhéanamh.

Go ginearálta, chun go mbeidh sé ina léas, ní mór don ionstraim:

  • caidreamh a chruthú idir tiarna talún agus tionónta
  • eastát léasachta a dheonú don tionónta
  • agus
  • foráil a dhéanamh go mbeidh an mhaoin faoi sheilbh eisiach an tionónta.

Comhaontuithe conacra

Féadfaidh úinéir na talún cead a thabhairt do dhuine eile barr a fhás ar an talamh. Féadfaidh an t-úinéir agus an duine eile comhaontú scríofa a dhéanamh (ar a dtugtar Comhaontú Conacra de ghnáth).

Níl dleacht stampa inmhuirir ar an gcoinníoll nach gceadaítear faoin gComhaontú Conacra ach cead a thabhairt don duine eile dul isteach ar an talamh chun an barr a fhás. Ní léas é an cineál comhaontaithe seo mar gheall nach bhforálann sé do sheilbh eisiach (féadfaidh úinéir na talún dul isteach sa talamh ag am ar bith).   

Ar aghaidh: Ráta