Dleacht Stampa agus léasanna

Ráta

Meánchíos bliantúil

Íoctar Dleacht Stampa ar an meánchíos bliantúil. Braitheann an ráta Dleachta Stampa a íocann tú ar thréimhse an léasa. Tá na rátaí reatha Dleachta Stampa leagtha amach thíos.

Ráta Dleachta Stampa ar mheánchíos bliantúil*
Tréimhse an léasaRáta Dleachta Stampa ar mheánchíos bliantúil

Tréimhse nach faide ná 35 bliain, nó tréimhse éiginnte

1%

Tréimhse níos faide ná 35 bliain ach gan a bheith níos faide ná 100 bliain

6%

Níos mó ná 100 bliain

12%

*bhí na rátaí seo ann roimh an Acht Comhdhlúite Dleachtanna Stampa, 1999

Biseach

Braitheann an ráta a íocann tú ar an mbiseach ar chineál na maoine atá clúdaithe ag an léas.

Más maoin chónaitheach atá ann, íoctar an ráta Dleachta Stampa céanna a d’íocfá ar aistriú maoine cónaithe.

Más maoin neamhchónaitheach atá i gceist, íoctar an ráta Dleachta Stampa céanna a d’íocfá ar mhaoin neamhchónaitheach a aistriú.

Tá na rátaí reatha Dleachta Stampa leagtha amach thíos.

Rátaí Dleachta Stampa ar thalamh agus ar fhoirgnimh
Cineál na maoineAn chomaoinRáta Dleachta Stampa
Cónaithe An chéad €1 milliún 1%
Cónaithe An barrachas os cionn €1 milliún 2%
Neamhchónaithe - 7.5%*

Tabhair do d’aire

Baineann an ráta 7.5% le hionstraimí (doiciméid i scríbhinn) a forghníomhaíodh (sínithe, séalaithe, nó an dá rud) ar an 9 Deireadh Fómhair 2019 nó dá éis.

Foráiltear do shocruithe eatramhacha faoi Bhuiséad 2020.

Faoi na socruithe seo:

  • sa chás go bhfuil conradh ceangailteach i bhfeidhm roimh an 9 Deireadh Fómhair 2019
  • agus
  • go bhforghníomhaítear an ionstraim aistrithe roimh an 1 Eanáir 2020
  • agus
  • go bhfuil deimhniú san ionstraim

íocfaidh tú Dleacht Stampa ag an ráta réamh-Bhuiséid 6%.

An fhoclaíocht sa deimhniú ná:

"Deimhnítear leis seo gur forgníomhaíodh an ionstraim seo go heisiach de bhun conradh ceangailteach a rinneadh roimh 9 Deireadh Fómhair 2019."

Faoin Acht Airgeadais, 2017, méadaíodh an ráta ó 2% go 6%. Rinneadh foráil faoin Acht le haghaidh socruithe eatramhacha.

Más maoin páirtchónaitheach agus páirt-neamhchónaitheach atá ann, íoctar an méid seo:

  • an ráta Dleachta Stampa atá i bhfeidhm le haghaidh maoin chónaithe ar an gcuid chónaithe
  • agus
  • ráta Dleachta Stampa atá i bhfeidhm le haghaidh an ráta maoine neamhchónaithe ar an gcuid neamhchónaithe.

Dleacht Sheasta

Íoctar Dleacht Stampa sheasta €12.50 le haghaidh gach aon cheann díobh seo a leanas:

  • léas a dhéantar ar dháta ina dhiaidh sin le haghaidh comhaontú atá stampáilte cheana féin
  • gach léas eile a bhaineann le talamh nó foirgnimh in Éirinn, nó le ceart nó leas i dtalamh agus i bhfoirgnimh in Éirinn
  • clásal um athbhreithniú cíosa (íoctar Dleacht Stampa freisin ar an léas ina bhfuil an clásal um athbhreithniú cíosa).

Ar aghaidh: Dleacht Stampa a íoc ar léas cónaithe