Dleacht Stampa agus léasanna

Dleacht Stampa a íoc ar léas cónaithe

Chun Dleacht Stampa a íoc ar léas cónaithe, tíolaic Tuairisceán Dleachta Stampa ar líne trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Ní mór an Dleacht Stampa a íoc mar chuid den phróiseas chun tuairisceán a thíolacadh.

De rogha air sin, aon cháiníocóirí (ÍMAT) nach bhféadann clárú le haghaidh ROS, féadann siad Foirm SDR 3E do léasanna cónaithe a chomhlánú le linn tíolacadh a dhéanamh trí moChúrsaí. Ba chóir an fhoirm chomhlánaithe a thíolacadh mar cheangaltán trí M'Fhiosruithe in moChúrsaí.

Tar éis duit d’Fhoirm SDR 3E chomhlánaithe a thíolacadh, seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim Uimhir Aitheantais Doiciméid Tuairisceáin Dleachta Stampa chugat. Nuair a fhaigheann tú an Uimhir Aitheantais Doiciméid seo, ba chóir duit an Dleacht Stampa a íoc le Ríomhaistriú Airgid.

Tá sonraí curtha ar fáil againn ar an bhfoirm faoin gcaoi le híocaíocht a dhéanamh le Ríomhaistriú Airgid. Tá míniú tugtha againn ar an gcúis a theastaíonn an Uimhir Aitheantais Doiciméid uainn sula ndéanann tú an íocaíocht le Ríomhaistriú Airgid.

Tar éis duit an Dleacht Stampa a íoc, cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim an Deimhniú Stampa sa phost chugat. Ní mór duit an Deimhniú Stampa a cheangal leis an léas. Nuair atá sé ceangailte, ciallaíonn sé go bhfuil an léas stampáilte.

Seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an Deimhniú Stampa sa phost chuig an seoladh a chuir tú ar fáil nuair a chláraigh tú le haghaidh moChúrsaí. Ba chóir duit cinntiú gurb é an seoladh seo an seoladh ceart sula n-uaslódálann tú an fhoirm chomhlánaithe.  

Ar aghaidh: Léas a leasú