Dleacht Stampa agus léasanna

Léas a leasú

Féadtar téarmaí léasa atá ann cheana féin a athrú. Tugtar Gníomhas Athruithe ar an ionstraim (doiciméad scríofa) a athraíonn an léas reatha de ghnáth.

Féadfaidh Gníomhas Athruithe na nithe seo a leanas a athrú:

  • an cíos iníoctha
  • tréimhse an léasa
  • an limistéar clúdaithe ag an léas
  • téarmaí eile den léas chun an tréimhse nó an limistéar nua atá clúdaithe a chur in iúl.

Nuair nach n-athraíonn Gníomhas Athruithe ach amháin an cíos atá iníoctha, níl dleacht stampa inmhuirir. Níl ort tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh.

I gcás cineálacha eile athruithe, féadfaidh sé go mbeidh Dleacht Stampa inmhuirir. Tá dleacht stampa inmhuirir má tá sé i gceist ag na páirtithe:

  • deireadh a chur leis an léas reatha (an seanléas)
  • agus
  • léas nua a chruthú bunaithe ar na téarmaí atá sa Ghníomhas Athruithe.

Tá Dleacht Stampa inmhuirir ar théarmaí an tseanléasa arna leasú ag an nGníomhas Athruithe. Go hiondúil, glaoitear géilleadh agus ath-dheonú ar an bpróiseas chun críoch a chur le léas agus ceann nua a chruthú.

Níl Dleacht Stampa inmhuirir ar Ghníomhas Athruithe mura bhfuil sé i gceist ag páirtithe an léasa:

  • deireadh a chur leis an seanléas
  • agus
  • léas nua a chruthú bunaithe ar na téarmaí atá sa Ghníomhas Athruithe.

Níl ort tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh.

Ar aghaidh: Socruithe eatramhacha