Díolúintí agus faoisimh

Aistrithe idir céilí agus idir páirtnéirí sibhialta

Ní íoctar Dleacht Stampa ar ionstraim (doiciméad i scríbhinn) a aistríonn maoin idir tú féin agus do chéile.

Féadtar an díolúine seo a éileamh, fiú amháin má tá tú féin agus do chéile scartha.

Ní íoctar Dleacht Stampa ar an ionstraim a aistríonn maoin idir tú féin agus do pháirtnéir shibhialta.

Ní fhéadtar na díolúintí seo a éileamh má tá tríú páirtí nó fo-dhíol bainteach san aistriú.

Ní fhéadtar na díolúintí seo a éileamh má cheannaítear ó shannaí oifigiúil i bhféimheacht.

Déantar tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh agus an díolúine a éileamh ar an tuairisceán.

Ní dhéantar tuairisceán a thíolacadh, áfach, más rud é

  • go gcruthaíonn an t-aistriú nascthionóntacht de theach an teaghlaigh
  • gur scaireanna, stoic nó urrúis indíolta atá sa mhaoin.

Aistrithe idir comhchónaitheoirí

Féadfaidh sé go bhfuair tú maoin de bhun Alt 174 den Acht um Páirtnéireacht Shibhialta agus um Chearta agus Oibleagáidí Áirithe de chuid Comhchónaitheoirí, 2010.

Más ea, ní íoctar Dleacht Stampa ar an ionstraim. Déantar tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh agus an díolúine a éileamh ar an tuairisceán.

Ní fhéadtar an díolúine a éileamh má tá tríú páirtí páirteach ann. 

Ní dhéantar tuairisceán a thíolacadh agus scaireanna, stoic nó urrúis indíolta an maoin atá á aistriú.

Ní mór an t-ordú thuasluaite a bheith agat chun an díolúine ó Dhleacht Stampa a éileamh.

Ar aghaidh: Aistrithe idir iarchéilí agus iarpháirtnéirí sibhialta