Dleacht Stampa agus scaireanna, stoic agus urrúis indíolta

Scaireanna agus scair-roghanna

Scaireanna, stoic nó urrúis indíolta a aistriú

Féadtar scaireanna, stoic nó urrúis indíolta (scaireanna) a cheannach nó a fháil mar bhronntanas. De ghnáth aistreofar na scaireanna trí fhoirm aistrithe stoic nó trí ordú aistrithe leictreonaigh.  Tugtar 'ionstraimí' orthu seo.

Ní mór duit Dleacht Stampa a íoc ar an ionstraim (mar shampla, foirm aistrithe stoic nó ordú aistrithe leictreonaigh) a aistríonn na scaireanna chugat. Tá Dleacht Stampa i bhfeidhm má tá na scaireanna i gcuideachta Éireannach, ach amháin má tá an t-aistriú faoi réir díolúine nó faoisimh.

Sa chás nach i gcuideachta Éireannach atá na scaireanna, féadfaidh sé go bhfuil ort Dleacht Stampa a íoc fós. Le tuilleadh eolais a fháil, féach Cén uair atá ionstraim faoi réir Dleacht Stampa.

Féadfaidh sé go bhfuil tú in ann éileamh a dhéanamh ar dhíolúine nó ar fhaoiseamh. Mar shampla, ní íoctar Dleacht Stampa más rud é:

  • gurb ionann an chomaoin agus €1,000 nó níos lú
  • nach bhfaigheann na scaireanna an chuid is mó dá luach ó mhaoin do-aistrithe 
  • agus
  • nach bhfuil an ionstraim mar chuid d’idirbheart níos mó, nó mar chuid de shraith idirbheart.

Baineann an díolúine seo le hionstraimí a fhorghníomhaítear ar an 24 Nollaig 2008 nó dá éis.

Sampla 1

Tá 210 scair ag Daithí sa chuideachta Éireannach XYZ Teoranta.

Dhíol Daithí na scaireanna leat in aon idirbheart amháin ar €6,000.

Rinne Daithí forghníomhú ar sheacht bhfoirm aistrithe stoic, trína n-aistríodh chugat 30 scair an ceann ar luach €800.

Cé gur lú an chomaoin i ngach ionstraim ná €1,000, tá gach ionstraim mar chuid d’idirbheart níos mó. Ní mór duit:

• seacht dtuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh (ceann le haghaidh gach foirm aistrithe stoic)

agus

• an bosca a thiceáil ar gach tuairisceán le sonrú go bhfuil an t-idirbheart mar chuid d’idirbheart níos mó.

Íoctar Dleacht Stampa ar gach foirm aistrithe stoic.

Tá feidhm ag rialacha agus rátaí speisialta ar scaireanna a ndíorthaítear a luach nó an chuid is mó dá luach ó mhaoin dho-aistrithe. Ní mór an mhaoin dho-aistrithe a bheith ina maoin neamhchónaithe. Tugtar míniú ar na rialacha seo ar an leathanach ar Mhaoin áirithe a ndíorthaítear a luach ó mhaoin dho-aistrithe.

Aistrithe leictreonacha

Féadtar scaireanna a aistriú trí chóras ábhartha ar córas socraíochta urrús é arna oibriú ag Taisclann Lárnach Urrús (TLU). De ghnáth déanann TLU Dleacht Stampa a bhailiú agus a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim, mar shampla trí CREST. Níl ort tuairisceán Dleachta Stampa a thíolacadh. Féadtar tuilleadh eolais ar scaireanna a aistriú go leictreonch in Part 6: Special provisions relating to uncertificated securities.

Comhaontuithe a bhaineann le scaireanna

Ní mór duit Dleacht Stampa a íoc i leith comhaontuithe i scríbhinn a bhaineann le leas tairbhiúil i scaireanna a aistriú.

Sampla 2

Tá scaireanna ag Seán in XYZ Teoranta. Tá a ainm ar chlár scaireanna XYZ Teoranta mar úinéir na scaireanna. D’aontaigh sé na scaireanna a dhíol le Máire. Tar éis an díola, níl Máire ag iarraidh a hainm a bheith ar an gclár scaireanna.

Mar chuid den chomhaontú ceannaithe scaireanna, aontaíonn Seán le scaireanna Mháire a choinneáil agus é mar ainmní di.

Ní mór do Mháire Dleacht Stampa a íoc i leith an chomhaontaithe.

Dleacht Stampa ar scair-roghanna

Íoctar Dleacht Stampa i leith an mhéid seo:

  • roghanna i scríbhinn chun scaireanna a cheannach nó a dhíol
  • agus
  • aistrithe i scríbhinn i gcás scair-roghanna reatha.

Féadfaidh sé go bhfuil tú in ann éileamh a dhéanamh ar dhíolúine nó ar fhaoiseamh. Mar shampla, tá díolúine ó Dhleacht Stampa ag an gcuid is mó de chomhaontuithe roghanna nó d’aistrithe comhaontuithe reatha scair-roghanna.

Dleacht Stampa ar eisiúint scaireanna

Ní íoctar Dleacht Stampa i leith scaireanna a eisiúint.

Ar aghaidh: Scaireanna agus rátaí