Dleacht Stampa agus scaireanna, stoic agus urrúis indíolta

Scaireanna agus rátaí

Íoctar Dleacht Stampa ag ráta 1% i leith an mhéid seo:

  • ionstraimí (doiciméid i scríbhinn) lena n-aistrítear scaireanna, stoic nó urrúis indíolta (scaireanna)
  • roghanna i scríbhinn chun scaireanna a cheannach nó a dhíol
  • aistrithe i scríbhinn i gcás scair-roghanna reatha
  • comhaontuithe i scríbhinn chun leas tairbhiúil i scaireanna a cheannach
  • agus
  • orduithe aistrithe lena n-aistrítear scaireanna i gcás nach bhforghníomhaítear aon ionstraim i scríbhinn.

Sa chás go bhfeidhmíonn na rialacha speisialta i leith Maoin áirithe a ndíorthaítear a luach ó mhaoin dho-aistrithe íoctar Dleacht Stampa ag ráta 7.5%.

Chun an Dleacht Stampa dlite a oibriú amach, is gá an ráta cuí a fheidhmiú i leith an mhéid seo:

  • an chomaoin, i gcás díolachán
  • an luach margaidh, i gcás bronntanais.

Féadfaidh sé nach mbeidh an praghas deiridh ag dáta forghníomhaithe (an síniú, an séalú nó an dá rud) na hionstraime ar eolas agat. Sa chás seo, íoctar Dleacht Stampa i leith luach margaidh na scaireanna. Tá díolúine amháin maidir leis seo leagtha amach againn in Dleacht Stampa agus Comaoin.

Ar aghaidh: Barántas scaire don iompróir