Scéim Tacaíochta Sriantaí COVID (STSC)

Léargas ginearálta

Tabhair do d'aire

Cuireadh deireadh leis an scéim STSC ar 22 Eanáir 2022.

Tugadh isteach an STSC chun cabhrú le gnóthaí a raibh tionchar suntasach ag na srianta a tugadh isteach chun aghaidh a thabhairt ar an bpaindéim COVID-19 orthu.

Bhí an tacaíocht ar fáil do ghnóthaí incháilithe a lean ar aghaidh de ghníomhaíocht gnó a raibhtionchar ag na srianta COVID-19 uirthi. Níor mór go raibh gá don ghnó cosc nó srian suntasach a chur ar chustaiméirí a bhíodh ag teacht isteach san áitreabh gnó. Go ginearálta, tagraíonn sé seo do shrianta COVID-19 ag Leibhéal 3, 4 nó 5 mar a mhínítear i bPlean um Chónaí le COVID-19 an Rialtais. Féadfaidh sé go gur cháiligh gnóthaí áirithe  don tacaíocht sa chás go raibh leibhéil srianta níos ísle i bhfeidhm. Cuireadh na srianta sonracha a bhain le gnóthaí ar fáil sna rialacháin arna dhéanamh ag an Roinn Sláinte.

Bhí deis ag gnóthaí incháilithe éileamh a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim ar íocaíocht ar a dtugtar Réamhchreidmheas i leith Costais Trádála (RCCT). Bhí RCCT iníoctha le haghaidh gach seachtain ina raibh tionchar ag na srianta ar ghnó.

Rátaí na scéime

B'ionann an RCCT agus:

  • 10% de mheán-láimhdeachas seachtainiúil an ghnó i 2019 suas le €20,000
  • agus
  • 5% ar láimhdeachas a bhí níos mó €20,000.

I gcás gnóthaí nua a bunaíodh idir an 26 Nollaig 2019 agus an 26 Iúil 2021, bhí an láimhdeachas bunaithe ar an meán-láimhdeachas seachtainiúil iarbhír i dtréimhse tagartha. Bhraith sé sin ar an dáta ar ar bunaíodh an ghnó. Bhí an RCCT faoi réir íocaíocht sheachtainiúil uasta €5,000.

Foilsiú

D'fhoilsigh na Coimisinéirí Ioncaim liosta gnóthaí a bhain leasa as an STSC ag deireadh na scéime. 

Ar aghaidh: Ag déanamh éilimh