Meastacháin maidir le Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide

Má fhaigheann tú meastachán maidir le Cáin Ioncaim nó Cáin Chorparáide

D'fhéadfá meastachán a fháil le haghaidh Cáin Ioncaim nó Cáin Chorparáide (CC) má chláraigh tú do Cháin Ioncaim nó CC agus má theip ort do thuairisceán a thíolacadh do thréimhse inmhuirearaithe amháin nó níos mó.

Má tá tú cláraithe le haghaidh Cáin Ioncaim, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Tá rogha 'Bainistigh Clárúcháin Cánach' ar ROS inar féidir leat do chlárúcháin chánach a chealú ar bhealach tapa agus slán.

Chun díchlárú ar líne

  1. Logáil isteach i do chuntas ROS.
  2. Téigh go dtí 'Seirbhísí Eile' agus roghnaigh 'Bainistigh Clárúcháin Cánach'.
  3. Cliceáil ar 'Scoir de Chlárúchán' don chineál cánach ar leith.
  4. Comhlánaigh an fhoirm chun na Coimisinéirí Ioncaim a chur ar an eolas nach duine inmhuirir thú a thuilleadh. 

Chun díchlárú tríd an bpost

  1. Íoslódáil agus líon isteach Foirm TRCN1.
  2. Seol an fhoirm chomhlánaithe chuig d'oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ar aghaidh: An figiúr meastacháin a ríomh