Faoisimh chánach a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht

Faoiseamh ar mhéadú sa cháin charbóin ar dhíosal feirme

Baineann an cháin charbóin ar dhíosal feirme leis an gcomhchuid carbóin den Cháin Ola Mianra le haghaidh díosal feirme.  Tugadh an t-athrú seo isteach ar an 1 Bealtaine 2010 ag an ráta €41.30 an 1,000 lítear. Tháinig méadú ar an ráta ina dhiadh sin go:

  • €54.92 an 1,000 lítear ón 1 Bealtaine 2012
  • €70.42 an 1,000 lítear ón 1 Bealtaine 2020
  • €90.81 an 1,000 lítear ón 1 Bealtaine 2021
  • €111.14 an 1,000 lítear ón 1 Bealtaine 2022
  • €131.47 an 1,000 lítear ón 1 Bealtaine 2023
  • €151.81 an 1,000 lítear ón 1 Bealtaine 2024.

Leis an bhfaoiseamh ar mhéadú sa cháin charbóin ar dhíosal feirme, féadann feirmeoirí asbhaint cánach a éileamh arb ionann é agus an difríocht idir:

  • suim na cánach carbóin íoctha ar dhíosal feirme
  • agus
  • suim na cánach carbóin a d’íocfaí dá mba rud é gur fhan an ráta ag €41.30 an 1,000 lítear.

Chun cáiliú, ní mór an díosal feirme a bheith in úsáid ag an duine atá i mbun trádáil feirmeoireachta.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar an Lámhleabhar Cánach agus Dleachta Part 23-01-36.