Faoisimh chánach a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht

Comhpháirtíocht feirme comharbais

Féadfaidh sé gur mian leat socruithe a dhéanamh chun pleanáil a dhéanamh ar d’fheirm a aistriú chuig comharba. Tá faoiseamh cánach ar fáil le haghaidh comhpháirtíocht feirme a cháilíonn mar Chomhpháirtíocht Feirme Comharbais. Comhpháirtíocht Cláraithe Feirme is ea seo ina n-aontaíonn an feirmeoir 80% ar a laghad de shócmhainní na feirme a aistriú chuig comharba roghnaithe taobh istigh de thréimhse shonraithe.

Ní mór go gcomhlíonfadh an Comhpháirtíocht Feirme Comharbais na riachtanais atá leagtha amach in alt 667D den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997. Ní mór dó a bheith taifeadta ar an gclár atá á choinneáil ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Tá faoiseamh ar fáil de bhun creidmheas cánach bliantúil ar fiú oiread agus €5,000 sa bhliain é thar thréimhse cúig bliana.

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar Lámhleabhar Cánach agus Dleachta na gCoimisinéirí Ioncaim Part 23-02-11.

Ar aghaidh: Talamh feirme a ligean ar léas