Faoisimh chánach a bhaineann leis an bhfeirmeoireacht

Talamh feirme a ligean ar léas

Féadtar faoiseamh ó Cháin Ioncaim a éileamh i leith ioncam ar leith a thuilleann tú ó do thalamh feirme a ligean ar léas go fadtéarmach. Ní mór do do thalamh feirmeoireachta a bheith in Éirinn agus ní fhéadtar an faoiseamh cánach a oibriú chun caillteanas a chruthú. Ní fhéadtar do thalamh a ligean ar léas le garghaol.

Ba chóir Seirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a úsáid chun an t-ioncam seo a dhearbhú ar do Thuairisceáin Cánach Ioncaim (Foirm 11).

Léas cáilitheach

Chun go mbeidh do léas incháilithe, ní mór go mbainfeadh an méid seo a leanas leis:

  • go mbeadh sé i scríbhinn nó go mbeadh fianaise i scríbhinn air
  • go mbeadh sé ina théarma chinnte cúig bliana nó níos mó
  • go mbeadh sé ann chun críocha an talamh a oibriú agus é mar aidhm toradh a fháil ón talamh. Mar shampla, gnáthfheirmeoireacht, garraíodóireacht mhargaidh, pórú capall, trádáil eallaigh nó fás torthaí.

Léasóir cáilitheach

Má ligeann tú talamh ar léas le duine eile, tugtar léasóir ort. Ní fhéadann ach léasóirí ar daoine aonair iad cáiliú don fhaoiseamh.

Baineann riachtanas sealbhaíochta 7 mbliana le talamh a cheannaítear faoi chonradh a rinneadh ar an 01 Eanáir 2024, nó dá éis. Ní mór duit an talamh a bheith agat ar feadh 7 mbliana ar a laghad sula mbeidh tú i dteideal cáiliú le haghaidh faoisimh.

Léasaí cáilitheach

Is éard is léasaí ann ná an duine a thógann talamh ar léas uait. Ó 1 Eanáir 2015, folaíonn léasaí cáilitheach comhlachtaí. Ní fhéadann ceangal a bheith idir an léasaí agus an léasóir. Ní mór go n-úsáidfeadh an léasaí an talamh léasaithe chun críocha trádáil feirmeoireachta a dhéanamh.

An chaoi lena dtugtar an faoiseamh

Is mar ioncam ó chíos a dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim measúnú ar bhrabús ó thalamh feirme a ligean ar léas. Tugtar an faoiseamh seo mar laghdú (faoi réir uasteorainn) de d’ioncam cíosa incháinithe iomlán. Tá d’fhaoiseamh cánach faoi réir uaslaghdú, de réir na hachoimre thíos.

Ní bheidh tú incháilithe ach amháin do laghdú amháin, is cuma líon na léasanna cáilitheacha atá agat.

An t-uaslaghdú a cheadaítear gach bliain

Léasanna a dhéantar ar 1 Eanáir 2015 nó dá éis.

Téarma an léasa

Suim

5 bliana nó os a chionn, ach níos lú ná 7 mbliana

€18,000

7 mbliana nó os a chionn, ach níos lú ná 10 mbliana

€22,500

10 mbliana nó os a chionn, ach níos lú ná 15 bliana

€30,000

15 bliana nó os a chionn

€40,000

Le tuilleadh eolais a fháil, féach an Lámhleabhar Cánach agus Dleachta Tax and Duty Manual Part 23-01-23.

Ar aghaidh: Faoiseamh ar mhéadú sa cháin charbóin ar dhíosal feirme