Cén chaoi le do cháin a íoc

Is e an bealach is tapúla agus is éasca chun íoc a dhéanamh ar líne ná trí chlárú le haghaidh Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) nó le haghaidh moChúrsaí.

Ní mór do roinnt cáiníocóirí a gcuid cánacha a íoc agus a thíolacadh ar líne. Féadtar tuilleadh eolais a fháil in Tíolacadh agus íocaíocht leictreonach éigeantach.

Trí do thuairisceán a thíolacadh agus do cháin a íoc trí ROS, féadfar leas a bhaint as spriocdhátaí sínte. Baineann na spriocdhátaí sínte seo le tíolacadh trí ROS amháin.

Féach Bealaí chun íocaíochtaí a dhéanamh ar líne le haghaidh tuilleadh eolais a fháil ar íocaíochtaí ar líne a dhéanamh.

Féach Treoir Dochair Dhírigh ROS a shocrú le heolas a fháil ar an gcaoi le híocaíocht a dhéanamh trí dhochar díreach ar ROS.

Ó 9 Meán Fómhair 2019, féadtar do chánacha dlite a íoc trí Ríomhaistriú Airgid (EFT), más duine de na daoine seo thú:

Bain úsáid as an gcuntas seo a leanas de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim chun d’íocaíocht Ríomhaistrithe Airgid a dhéanamh:

Ainm an chuntais: Office of the Revenue Commissioners – UTD EFT – Public Bank Account.

Banc:
Danske Bank
Teach Idirnáisiúnta
3 Plás Mháistir an Chuain
Baile Átha Cliath 1.

BIC: DABAIE2D

IBAN: IE37DABA95159920003514

Ní mór d’ainm, uimhir chlárúcháin agus cineál na cánach a chur san áireamh le d’íocaíocht chun leithdháileadh ceart agus tráthúil chuig do thaifead custaiméara a chinntiú.