Dócmhainneacht

Má tá tú dócmhainneach, ciallaíonn sé nach bhfuil tú ábalta do chuid fiach a íoc nuair atá siad dlite. Má tharlaíonn sé seo, ba chóir duit na roghanna éagsúla dócmhainneachta a mheas. Tá sé tábhachtach é seo a dhéanamh go tapa le cinntiú nach méadaíonn na fiacha.

I gcás duine aonair, tá trí rogha ar fáil chun fiacha a réiteach. Is iad sin:

  • Fógra Faoisimh Féich, nuair atá na fiacha faoi bhun €35,000
  • Socraíocht Glanta Féich, nuair atá na fiacha neamhurraithe
  • agus
  • Socraíocht Dócmhainneachta Phearsanta, i gcás fiacha urraithe agus neamhurraithe araon.

Nuair atá cinneadh á dhéanamh cé acu ceann le roghnú, ba chóir an méid seo a leanas a mheas:

  • leibhéal d’fhéich
  • an cineál féich
  • leibhéal d’ioncaim
  • agus
  • luach do shócmhainní.

Tá tuilleadh eolais ar shuíomh idirlín Sheirbhís Dócmhainneachta na hÉireann, Back on Track, faoi na roghanna maidir le fiacha a réiteach. Tá liosta d’Idirghabhálaithe Údaraithe agus Cleachtóirí Dócmhainneachta Pearsanta acu freisin a fhéadann cabhrú leat an rogha is fearr maidir le réiteach féich a roghnú.

Má tá tú dócmhainneach agus má cheapann tú nach bhfuil na réitigh féich seo oiriúnach, féadfaidh sé gurb é féimheacht an t-aon rogha eile atá fágtha.

Aonad Dócmhainneachta na gCoimisinéirí Ioncaim

Tá Aonad Dócmhainneachta na gCoimisinéirí Ioncaim lonnaithe i Rannóg an Ard-Bhailitheora. Déanfaidh siad athbhreithniú ar an rogha a chuir d’Idirghabhálaí Údaraithe nó do Chleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta faoinár mbráid chun na fiacha a réiteach. Tar éis an athbhreithnithe seo, déanfaidh siad cinneadh na fiacha atá ag dul do na Coimisinéirí Ioncaim a chur san áireamh sa tsocraíocht bheartaithe nó gan é a chur san áireamh.

Dócmhainneacht do chomhlachtaí

Má tá tú dócmhainneach, ba chóir duit dul i gcomhairle le do ghníomhaire agus na roghanna éagsúla dócmhainneachta atá ar fáil a mheas. Tá sé tábhachtach go ndéantar é seo go pras le cinntiú nach n-éiríonn na fiacha níos measa.

Cuireann Acht na gCuideachtaí (An Próiseas Tarrthála le haghaidh Cuideachtaí Beaga agus Micreachuideachtaí) 2021, meicníocht tarthála ar fáil a dhíríonn ar chuideachtaí beaga agus micreachuideachtaí atá dócmhainneach. Le haghaidh tuilleadh eolais, féach ar An Próiseas Tarrthála Riaracháin le haghaidh Cuideachtaí Beaga (SCARP).