Stádas imréitigh cánach a fhíorú

Stádas imréitigh cánach a fhíorú trí Government Networks

Cuirtear seirbhís gréasáin ar fáil d’fhostaithe na gComhlachtaí san Earnáil Phoiblí atá nasctha ar Líonraí an Rialtais. Ligeann sé do Chomhlachtaí san Earnáil Phoiblí seiceáil an bhfuil Deimhniú Imréitigh Cánach bailí ag duine nó gnó.

Féadann Comhlachtaí san Earnáil Phoiblí an tseirbhís gréasáin a úsáid chun próiseas fíorúcháin uathoibrithe a chruthú a cheanglaíonn go díreach lena gcórais íocaíochtaí féin. Ní fhéadtar teacht air seo ach amháin ó thaobh istigh de líonra Comhlachta san Earnáil Phoiblí. Féach File specification for the web service le haghaidh tuilleadh eolais.