Scéimeanna speisialta chun CBL ar dhíolacháin a ríomh

Déantar taifeadadh ar dhíolachán earraí agus seirbhísí ag na rátaí éagsúla Cánach Breisluacha (CBL) le Córais Díolphointe Leictreonaigh (EPOS). Féadann tú na taifid seo a úsáid mar bhunús chun do thuairisceán CBL a chomhlánú.

Céard a tharlaíonn mura bhféadtar díolacháin a thaifeadadh go cruinn ag na rátaí éagsula CBL?

Mura bhfuil córas EPOS agat, seans nach mbeidh tú in ann na fáltais díolacháin idir na rátaí CBL a roinnt. Más amhlaidh atá an scéal, tá scéimeanna speisialta ar fáil chun go mbeidh tú in ann do thuairisceán CBL a thíolacadh. De ghnáth, bhainfeadh sé seo le gnóthaí a bhfuil méid mór díolachán agus rátaí iomadúla CBL i gceist leo.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach: