Trádálaithe neamhbhunaithe

Socruithe d'éilitheoirí cláraithe CBL na Ríochta Aontaithe mar thoradh ar an gComhaontú um Tharraingt Siar

  • Is é an dáta deiridh a bhí ann do thrádálaithe an Aontais Eorpaigh (AE) chun éilimh ar Cháin Bhreisluacha (CBL) a thabhaigh siad ar an 31 Nollaig 2020 nó roimhe sin ná an 31 Márta 2021
  • Is é an dáta deiridh a bhí ann do thrádálaithe na Ríochta Aontaithe chun aon athrú nó ceartúcháin maidir le héilimh ar Aisíocaíocht Leictreonach CBL (EVR) le haghaidh aisíocaíochtaí CBL na hÉirinn ná an 31 Nollaig 2021. Níor bhain sé seo ach le trádálaithe na Ríochta Aontaithe a raibh éilimh tíolactha acu cheana féin ach nach bhfuair aisíocaíochtaí faoin 31 Nollaig 2020.
  • Leanfaidh tairseach leictreonach an AE d’éilimh a ghlacadh ó thrádálaithe ó Thuaisceart Éireann ar chostais Éireannacha CBL a thabhaíodh ar sholáthar earraí amháin. Ní ghlacfaidh tairseach leictreonach an AE, áfach, le héilimh ó Thrádálaithe ó Thuaisceart Éireann ar chostais a bhaineann le soláthar seirbhísí.
  • Ón 1  Aibreán 2021, ní bheidh rochtain ag Trádálaithe na Ríochta Aontaithe, seachas Trádálaithe ó Thuaisceart Éireann, ar thairseach leictreonach an AE maidir le héilimh de bhunadh na Ríochta Aontaithe.
  • Beidh trádálaithe na Ríochta Aontaithe, seachas Trádálaithe ó Thuaisceart Éireann, atá ag éileamh costais Éireannacha CBL a thabhaítear ar sholáthairtí Earraí agus Seirbhísí a dhéantar faoi réir rialacha na hÉirinn. Bainfear úsáid as an bpróiseas Éireannach reatha do ghnóthaí neamh-AE a thabhaíonn costais CBL Éireannach faoin 13ú Treoir de chuid an AE-éilimh ó thaobh amuigh den AE.

Ar aghaidh: Trádálaithe eachtracha bunaithe san AE ag íoc CBL Éireannach