Trádálaithe neamhbhunaithe

Trádálaithe eachtracha bunaithe san AE ag íoc CBL Éireannach

Féadfaidh trádálaí atá cláraithe le haghaidh Cáin Bhreisluacha (CBL) i mBallstát eile aiséileamh a dhéanamh ar CBL Éireannach a thabhaítear le linn an gnó a rith. Ba chóir don trádálaí Aisíocaíocht Leictreonach CBL (EVR) a thíolacadh tríd an tairseach leictreonach ina mBallstát féin.

Seolfaidh an Ballstát an t-éileamh go leictreonach chuig na Coimisinéirí Ioncaim chun é a scrúdú agus cinneadh a dhéanamh air. Ní fhéadtar CBL a aiséileamh ach ar earraí agus seirbhísí atá in-aiséilithe sa Stát seo.

Ba chóir duit an t-iarratas ar aisíocaíocht leictreonach CBL a chomhlánú i nGaeilge nó i mBéarla. Ba chóir duit na ceannacháin uile a thabhaíonn CBL a rangú de réir cóid, nó fo-chóid. Ní ghlacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le hiarratais ar pháipéir.

Cén t-eolas a bheidh ag teastáil ó na Coimisinéirí Ioncaim?

Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim doiciméid breise a iarraidh, lena n-áirítear sonraisc bhunaidh chun tacú leis an iarratas aisíocaíochta:

  • ón iarratasóir
  • ó Bhallstát an iarratasóra
  • ón soláthraí Éireannach a d’eisigh an sonrasc.

Cé mhéad CBL a fhéadtar a éileamh?

Ní mór méid iomlán an CBL a éilítear a bheith nach lú ná:

  • €400 má chuirtear isteach an t-éileamh le haghaidh tréimhse idir trí mhí agus aon bhliain féilire amháin
  • €50 má chuirtear isteach an t-éileamh le haghaidh thréimhse bliana féilire nó don chuid atá fágtha de bhliain féilire.

Céard é tréimhse an éilimh aisíocaíochta?

Bliain féilire amháin is ea tréimhse aisíocaíochta, ó Eanáir go Nollaig. Ní fhéadann an tréimhse éilimh a bheith:

  • níos mó ná aon bhliain amháin
  • níos lú ná trí mhí i ndiaidh a chéile, ach amháin i gcás tréimhse éilimh ó Shamhain go Nollaig.

Cé mhéad éileamh a fhéadtar a dhéanamh in aon bhliain féilire?

Féadfaidh iarratasóirí suas le cúig iarratas a thíolacadh i rith na bliana féilire. Ní fhéadtar éileamh a thíolacadh nuair a bhíonn na tréimhsí i gcomhthráth. Mar shampla, ó Eanáir go Márta agus ansin Márta go Meitheamh.

Ní fhéadtar an caiteachas a leasú ar éileamh a thíolaic tú cheana. Ní mór duit fanacht agus na sonraisc bhreise a thíolacadh ar an tréimhse deiridh 12 mhí den éileamh.

An bhfuil teorainn ama ann chun éileamh aisíocaíochta a dhéanamh?

Ní mór duit iarratas a dhéanamh ar an aisíocaíocht roimh an 30 Meán Fómhair den bhliain féilire i ndiaidh na bliana a rinne tú an caiteachas. Mar shampla, má rinne tú an caiteachas in Aibreán 2016, tá go dtí an 30 Meán Fómhair 2017 chun an t-éileamh a thíolacadh.

Gníomhairí

Féadfaidh gníomhaire nó ionadaí iarratas Aisíocaíochta Leictreonaí CBL a dhéanamh ar do shon. Ní mór duit litir údaráis agus/nó Cumhacht Aturnae a chur chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Ba chóir go léireofaí air seo go bhfuil údarú ag an ngníomhaire éilimh a thíolacadh agus/nó aisíocaíochtaí a fháil ar do shon.

Ní mór duit cóip chrua de cháipéis na Cumhachta Aturnae a sheoladh sula ndéanann tú éileamh. Ní mór an méid seo a leanas a bheith sa cháipéis:

  • síniú an éilitheora agus an ghníomhaire
  • uimhir CBL an éilitheora
  • Uimhir Aitheantais Cánach (TIN) an ghníomhaire (TAIN más gníomhaire Éireannach atá ann)
  • agus
  • an dáta a tosaíodh an comhaontú.

Cén chaoi a ndéantar aisíocaíochtaí?

Íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a aisíocaíocht trí Ríomhaistriú Airgid (EFT) chuig na sonraí bainc a sholáthraítear san éileamh. Má tá aon fhiosrú agat, déan teagmháil leis an Rannóg Aisíocaíochtaí CBL (Neamhchláraithe).

Ar aghaidh: CBL na hÉireann arna íoc ag trádálaithe eachtracha atá bunaithe taobh amuigh den AE