CBL agus Carthanais

Níl díolúine ghinearálta ó Cáin Bhreisluacha (CBL) ann do charthanais. Tá faoisimh shonracha ann, áfach, ó CBL i gcúinsí ar leith.

Scéim cúitimh um CBL do charthanachtaí

Tá an Rialtas tar éis scéim cúitimh um CBL a thabhairt isteach do charthanachtaí. Tá sé mar aidhm ag an scéim seo go laghdófar an ualach CBL a bhíonn ar charthanachtaí. Déantar é seo trí chúiteamh páirteach a chur ar fáil dóibh as an CBL a chaitear chun an carthanacht a riar ó lá go lá. Tá feidhm ag an scéim seo le CBL a íoctar ar chaiteachas roimh an 1 Eanáir 2018, nó ina dhiaidh.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar an Scéim Cúitimh um Cháin Bhreisluacha sa rannán Cuideachtaí agus carthanais.