Clárú do charthanais
Carthanais agus Clárú
Go ginearálta meastar go bhfuil go leor de na gníomhaíochataí a dhéanann carthanais lasmuigh de raon feidhme Cáin Bhreisluacha (CBL). Níl sé d'oibleagáid ar Charthanais nó níl sé i dteideal ag Carthanais a bhíonn ag gabháil go heisiach do ghníomhaíochtaí den sórt sin clárú agus cuntas a thabhairt ar CBL maidir lena n-ioncam.
Is féidir le carthanas clárú le haghaidh CBL i ndáil lena soláthairtí incháinithe, faoi réir na ngnáthrialacha. Nuair a chláraítear CBL, ní mór dóibh tuairisceáin CBL a thíolacadh agus na dualgais eile go léir atá ag daoine cuntasacha a chomhlíonadh.
Iomaíocht le Trádálaithe Tráchtála
I gcúinsí áirithe, d'fhéadfadh gníomhaíochtaí carthanas bheith in iomaíocht le trádálaithe tráchtála. D’fhéadfadh go mbeadh ar an gcarthanas ansin clárú agus cuntas a thabhairt ar CLB ar na gníomhaíochtaí seo.
Carthanais agus Éadálacha Laistigh den Chomhphobal
Ní mór do charthanas, nó do dhuine dlítheanach neamh-incháinithe eile, clárú agus cuntas a thabhairt ar CBL i leith éadálacha áirithe laistigh den chomhphobal. Ní mór don charthanas clárú má fhaigheann siad nó gur dócha go bhfaighidh siad earraí ar luach níos mó ná €41,000 ó Bhallstáit eile an Aontais Eorpaigh (AE) in aon tréimhse 12 mhí. Ní thugann Clárú le haghaidh éadálacha laistigh den Chomhphobal amháin cearta asbhainte CBL do na heintitis seo.
Tá sé d’oibleagáid ar charthanas nó ar dhuine dlítheanach neamh-incháinithe eile atá cláraithe le haghaidh CBL i leith éadálacha laistigh den chomhphobal, nó gníomhaíochtaí eile, cuntas a thabhairt air CBL ar sheirbhísí a fhaightear ó thar lear. I gcás nach bhfuil eintitis den sórt sin cláraithe le haghaidh CBL ar bhealach eile, níl aon oibleagáid orthu clárú maidir le seirbhísí faighte.