Forbhianna

Tá míniú sa Treoirleabhar Cánach & Dleachta CBL maidir le cánachas Cánach Breisluacha (CBL) ar fhorbhianna agus substaintí áirithe eile le haghaidh tomhaltais ag daoine. Tá sé seo ar fáil faoin rannán Treoir Bhreise.

Leagtar amach sna treoracha, chomh maith, an cánachas CBL ar an méid seo a leanas:

  • forbhianna cothaithe spóirt
  • áiseanna tanúcháin
  • fabhairtí agus ungthaí a dhéantar as comhábhair bia
  • aigéad fólach agus vitimíní agus mianraí eile a aicmítear mar chógais
  • agus
  • bianna le haghaidh grúpaí sonracha.

Tá tuairisc sa Treoir bhreise freisin ar an sainmhíniú ar bhia agus treoir ghaolmhar.