Úsáid neamhghnó maoine

Tá rialacha áirithe ann atá i bhfeidhm má úsáidtear maoin, nó má atreoraítear maoin chun úsáide príobháidí nó neamhghnó.

De ghnáth is éard atá in úsáid phríobháideach ná sócmhainn a úsáid chun críocha pearsanta. Mar shampla nuair a úsáideann duine cuid d’áitreabh gnó chun cónaí ann. Is éard is úsáid neamhghnó ann ná sócmhainn ghnó a úsáid le haghaidh aon rud nach chun críocha an ghnó é. Baineann an láimhseáil chéanna le húsáid phríobháideach agus neamhghnó.

Is ar cén uair a fuarthas nó a forbraíodh an mhaoin a bhraitheann an láimhseáil Cánach Breisluacha (CBL) le haghaidh úsáid neamhghnó nó atreorú chun úsáide neamhghnó as maoin. Tá an láimhseáil CBL ar mhaoin a fuarthas nó a forbraíodh roimh an 1 Eanáir 2011 éagsúil ón maoin a fuarthas nó a forbraíodh ar an dáta sin, nó dá éis.

Le haghaidh eolas ar atreorú maoine ó úsáid incháinithe go húsáid dhíolmhaithe, féach ar Scéim Earraí Caipitiúla (SEC).

Tá tuilleadh eolais sa rannán Treoir Bhreise ar impleachtaí CBL na húsáide neamhghnó, nó ar atreorú maoine chun úsáide neamhghnó.