An Scéim Cíos chun Ceannach

Thug forbróirí maoine an Scéim Cíos chun Ceannach isteach mar iarracht chun ceannaitheoirí féideartha a mhealladh chun teach a cheannach.

Cuireann an forbróir struchtúr ar an gcomhaontú ag úsáid tréimhse thosaigh ar cíos le rogha chun ceannach ag deireadh na tréimse ligin.

Féadfaidh sé go bhfuil an méid seo a leanas san áireamh sa chomhaontú:

  • íocaíocht rogha tosaigh
  • íocaíochtaí tréimhsiúla lena n-áirítear cíos
  • íocaíocht deiridh chun an mhaoin a cheannach.

Tá neart leaganacha éagsúla den scéim seo ann. Ní fhéadtar an cánachas cruinn Cánach Breisluacha (CBL) a bhunú ach le fíricí cás ar chás.

Tugtar eolas níos mionsonraithe ar an gcánachas CBL maidir leis an Scéim um Chíos chun Ceannach i dTreoir breise. Tugtar treoir ar an gcaoi le déileáil leis na leaganacha éagsúla den scéim freisin.